Dé
hAoine, an 22 Meán Fómhair 2023
www.CultureNight.ie
Tá Oíche Chultúir ar
ais an Aoine seo, an 22 Meán Fómhair! Ritheann an ceiliúradh seo ar scoth ár
gcultúir go déanach san oíche agus tugann sé léargas ar chaighdeán agus
fairsinge na n-eisiúintí cultúrtha iontacha agus éagsúla in Éirinn, agus ag an
am céanna cuireann sé lucht féachana in aithne d'ionaid nua agus do thallann
atá ag teacht chun cinn ar fud na tíre.
Tá cuireadh tugtha ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon,
Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD do gach duine teacht
amach agus ceiliúradh a dhéanamh ar éagsúlacht na n-ealaíon agus an chultúir in
Éirinn dóibh féin le muintir agus le cairde ar an oíche speisialta seo.
Faoi
mhaoirseacht na Comhairle Ealaíon, cuirtear Oíche Chultúir i do láthair i
gcomhpháirtíocht le húdaráis áitiúla, le heagraíochtaí cultúrtha agus pobail ar
fud na hÉireann. Is ócáid ollmhór í, comhaistear draíochtúil agus corraitheach
ina mbunaíonn an t-ealaíontóir agus an lucht féachana caidreamh lena chéile
agus iad ag ceiliúradh Oíche Dár Saol. Tá os cionn 1,700 imeacht
beartaithe agus tá na himeachtaí ar FAD SAOR IN AISCE. Tagann an Oíche Chultúir
Dé hAoine seo in aois agus ceiliúrann sí a 18ú leagan. Thosaigh sé ar dtús in
40 ionad i mBarra an Teampaill, Baile Átha Cliath in 2006, agus sa lá atá inniu
ann is ceiliúradh uile-oileáin den chuid is fearr dár gcultúr é leis an an
iliomad imeachtaí atá SAOR IN AISCE a tharlaíonn go déanach san oíche.
Ag
labhairt di, dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta,
Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD:
“Is í 'Óíche Dár Saol' sluán na hOíche Cultúir agus is iontach an rud é a leithéid d'éagsúlacht agus d'ilchineálacht a fheiceáil á léiriú i gclár Oíche Chultúir na bliana seo. Tugaim cuireadh do gach duine, idir óg agus aosta, lántairbhe a bhaint as an tairiscint iontach d'imeachtaí agus gníomhaíochtaí saor in aisce an oíche Aoine seo, agus an cultúr á cheiliúradh againn ina fhoirmeacha ar fad. Tá bród orm go dtacóidh mo roinn le clár leathnaithe Oíche Chultúir Dhéanach i mbliana. Is i sráidbhailte, bailte agus cathracha ar fud na tíre a bheidh imeachtaí ealaíon nuálacha cuimsitheacha a thosóidh tar éis 9i.n. agus a leanfaidh ar aghaidh go déanach san oíche, rud a léireoidh an chaoi a bhfuil ról ag na healaíona agus ag an gcultúr i gcroílár Gheilleagar Oíche atá bríomhar in Éirinn."
Tugtar cuireadh do
GACH DUINE teacht amach agus an taithí a fháil ar oíche dóibh féin, bíodh sí
mar rud ar bhain siad taitneamh as roimhe seo nó rud éigin nua. Is í Oíche
Chultúir an seans foirfe chun é seo a dhéanamh le hatmaisféar fáilteach agus
sábháilte ann i mbailte, cathracha, sráidbhailte agus áiteanna ar fud na
hÉireann mar a thagann na daoine atá caidéiseach faoi chultúr le chéile d’oíche
lán le féidearthachtaí.
Oíche Chultúir
Dhéanach, cuirtear sraith
imeachtaí a reáchtáiltear níos déanaí isteach san oíche i láthair, a bhuí le
tacaíocht bhreise ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt
agus Meán faoin Tascfhórsa Geilleagair na hOíche. Tá clár leathnaithe imeachtaí
ag an Oíche Chultúir Dhéanach i mbliana, lena n-áirítear;
- An Late Night Foyer Gig With Franco Moronein Inis.
Agus é aitheanta mar fhile Iodáilis an ghiotáir fhuaimiúil agus ar
cheann de na giotáraithe pioctha is mó tionchar san Eoraip, athbheonn a
theagmháil fhíorálainn foinn thraidisiúnta Cheilteacha agus Iodálacha.
- Cuireann The Model
Sligo, DJs
Till Late i láthair in dhá spás ar leith, beidh rogha DJ
ann á coimeád ag GASH Collective, ardán a thacaíonn le mná, daoine
trasinscneacha, daoine aeracha, daoine neamh-dhénártha agus daoine eile atá
faoi ghannionadaíocht in earnáil an cheoil. Beidh Kelly-Anne Byrne ina
príomhaoí sa dara spás le tacaíocht ó DJ Tara Be
- Beidh ceolchoirm faoin aer ina mbeidh
ceoltóirí Steo Wall, Elaine Mai, Doppler agus Sweetlemonade san áireamh
ann ag Sounds
On Site in Ballina
- Beidh
luchtanna féachana/éisteachta gafa ag Strawberries ag Cearnóg Theach an Tionóil i mBaile Átha Cliath le
buillí agus foinn mhealltacha a thugann onóir d'éagsúlacht agus d'aontacht lena
n-áirítear Soria Reilly, Bull Horris b2k Tadgh K agus Efa O’Neill.
Dúirt Maureen Kennelly, Stiúrthóir na Comhairle
Ealaíon:
"Is ceiliúradh é Oíche Chultúir ar chultúr éagsúil agus saibhir ar fud oileán iomlán na hÉireann agus is léiriú í ar chumhacht na n-ealaíon pobail a thabhairt le chéile. Oíche í nach bhfuil aon teorainn leis an gcruthaitheacht, agus beocht ag teacht i sráideanna ar fud na tíre le ceol, damhsa, ealaín, agus neart eile. Agus muid ag ceiliúradh ár 18ú hOíche Chultúir, glacaimid lenár dtaipéis chultúrtha náisiúnta atá comhroinnte agus ag teacht chun cinn agus bainimid sásamh as an lúcháir a chuireann sí lenár saol. Tráthnóna Dé hAoine seo tugaimid cuireadh duit taithí a fháil ar an oíche duit féin agus a bheith linn le haghaidh tráthnóna bríomhar nach bhféadfá dearmad a dhéanamh air de léiriú ealaíonta."
Ag ceiliúradh
luachanna na hoscailteachta, na fionnachtana agus an mhuintearais, tá na
gníomhaíochtaí go léir a bhaineann le hOíche Chultúir 2023 SAOR IN AISCE. Chomh
maith le neart imeachtaí spreagúla agus nuálacha i bpríomhchathracha agus i
mbailte uirbeacha ar fud na tíre amhail filíocht Go
Gallivanting, amharc-ealaín agus taibhithe i gCorcaigh, Beethoven's Ode to Joy Chorus in
TCÉ Amharclann na nDaoine Bodhra, Baile Átha Cliath, TCD agus Amanda Coogan i
mBaile Átha Cliath, agus mapáil iontach teilgean físe agus léiriú beo AV ar Universal Brainwaves Of Imagination
i nGaillimh.
Tá meascán éagsúil
d'imeachtaí cultúrtha láidre i Lár Tíre na hÉireann i mbliana, lena n-áirítear;
- Beidh ceol agus craic
go leor ag fanacht le daoine de gach leibhéal cumais ag an Pop-up Gaeltacht at the Haggard,
Longfort. Tá an ócáid an-inrochtana dóibh siúd nach bhfuil ach cúpla focal acu
agus tá céad míle fáilte roimh chách.
- Geallann
Afro
Beats Music oíche rannpháirteach
de Chultúr na hAfraice i mBaile Longfoirt, agus blaiseadh dó trí cheol ó
sheánraí éagsúla cosúil le amapiano, juju, Fuji, highlife, Malissa, kizomba
agus eile le buillí buailteacha, rithimí spreagthacha agus séiseanna
somheabhraithe a chinnteoidh siamsaíocht agus spreagadh a thabhairt do
cheoltóirí óga an lae amárach.
- Fiosraigh Ionad
Ealaíon na hEascrach nua sa Tulach Mhór trí chlár iontach uaillmhianach
d'imeachtaí i rith na hoíche, lena n-áirítear damhsa comhaimseartha cóirithe
agus coimeádta ag Amy Donlon, taispeántas grianghraf iontach le Offaly Down
Syndrome Association, oíche mhic oscailte le Music Generation, móide scannán,
seoltaí leabhar agus go leor eile.
- Cuireann Áiteanna Ildánacha Éadan Doire: Creative
Community Social i láthair, oíche speisialta a
dhéanann ceiliúradh ar chultúir agus náisiúntachtaí éagsúla Éadan Doire, Uíbh
Fhailí, mar dheis do mhuintir na háite cuid de na gníomhaíochtaí cultúrtha agus
táirgí ar leith ó Éirinn agus ar fud an domhain a thaispeáint agus a
bhlaiseadh.
- Beidh oíche ag Comharghrúpa Ealaíon Mhóinteach Mílic, Contae Laoise, lán d’ealaín ghalánta, filíocht,
scannán, ficsean, beathaisnéis agus ceol á reáchtáil ag an gComharghrúpa i
Leabharlann Mhóinteach Mílic.
- Bain sult as oíche
spreagúil damhsa, ceoil agus amhránaíochta in Ionad Nuálaíochta na Buiríse,
Laois, ina mbeidh leanaí níos óige ann go luath sa tráthnóna agus beidh Taibhiú
Cóir Pobail i dteannta ceoltóirí agus amhránaithe sinsearacha ina dhiaidh sin.
Tá an tionscadal
bronnta leabhar ‘An Léamh Mór’ ar ais agus an uair seo beidh sé de dheis
ag na hothair in ospidéil áirithe ar fud na tíre cuairt ar thabhairt ar na
háiteanna coimhthíocha ó thaobh na samhlaíochta de, agus beidh rogha acu idir
29 leabhar le húdair agus foilsitheoirí atá lonnaithe in Éirinn. Tá an
Chomhairle Ealaíon bródúil le hoibriú i gcomhar le HSE Healthy Ireland i
mbliana. Beidh ‘Dochtúirí Leabhar’ ag oideasú 3,600 leabhar saor in aisce óna
dTralaithe Leabharlainne agus iad ag tabhairt cuairt ar Ospidéal Uí Chonghaile,
Baile Átha Cliath; Ospidéal Leitir Ceanainn, Dún na nGall; Ospidéal
Portiuncula, Gaillimh, Ospidéal St. Luke, Cill Chainnigh; Ospidéal an Náis,
Cill Dara, Ospidéal Inse, Contae an Chláir; agus Ospidéal Chromadh, Luimneach
ar Oíche Chultúir.
Astu féin, beidh clár
leathan agus éagsúil i réadmhaoin OPW ar fud na hÉireann, lena n-áirítear
Dioscó Rothar, 5km, turas rothair saor ó ghluaisteáin trí Pháirc an
Fhionnuisce, Baile Átha Cliath, agus beidh pacáistí maisiúcháin rothar ar fáil
ar an láthair don chéad 150 rannpháirtí. Fágfaidh busanna Oíche Chultúir de
chuid Bhus Éireann gach 30 nóiméad ó
Halla na Cathrach i gCorcaigh, ó 18:30 chun cabhrú le daoine dul trasna na
cathrach agus an oiread imeachtaí a bhlaiseadh, chomh héasca agus is féidir.
Beidh taibheoirí beo ar gach ceann agus tabharfaidh siad ar cheann de thrí
bhealach timpeall na cathrach thú.
Tá RTÉ ag craoladh
beo ar fud an raidió, na teilifíse agus ar líne ó cheann ceann na tíre. Tabharfaidh RTÉ One Ceolfhoireann Choirme RTÉ
agus aíonna go Dún Lúiche ag bun Shliabh Eargail agus imeall Loch Dhún Lúiche i
gcroílár Ghaeltacht Dhún na nGall agus beidh The Murder Capital, Aby Coulibaly,
Olesya Zdorovetska mar chuid de. Beidh ceannairí athbheochan fonn tíre na hÉireann,
Ye Vagabonds, ag seinm ón amfaitéatar ar Oileán Árainn Mhór leis na haíonna
Mairéad Ní Mhaonaigh agus Nia Ní Bheirn ann freisin. Tiocfaidh Clár Speisialta
ar son Oíche Chultúir ar Arena ar RTÉ Raidió 1 beo ó Ionad na nGleannta
i mBaile Hamaltúin, Liatroim, agus cuirfidh an Mermaid Theatre i mBré
ceolchoirm RTÉ 2fm Rising ar stáitse mar chuid d’Oíche Chultúir Dhéanach, ina
mbeidh na hachtanna Éireannacha Soulé, Chasing Abbey, Still Blue agus Aonair
ann. Ar RTÉ lyric fm, beidh Lorcan Murray's Classic Drive beo ó Mhúsaem
Hunt, Luimneach, agus beidh léiriú speisialta ó Cheolfhoireann Choirme RTÉ mar
chuid de Live with Paul Herriott. Beidh Áine Ní Bhreisleán beo ó Ionad
Cois Locha le haghaidh Bladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Le
haghaidh tuilleadh eolais ar imeachtaí RTE féach ar www.rte.ie/culture.
Beidh rogha ábhar ag TG4 ar an aer, ar líne agus ar fud a snáitheanna sóisialta araon. Beidh ábhar TG4
dírithe ar an nGaeilge, an Ghaeltacht agus go réigiúnach. Den chéad uair ar Oíche Chultúir, beidh deis
ag lucht leanúna Ros na Rún, (sraith drámaíochta móréilimh TG4) turas eisiach
taobh thiar de na radhairc ar an seit a fháil agus páirt a ghlacadh i seisiún
Ceisteanna & Freagraí le cuid den fhoireann. Tá seit Ros na Rún suite ar an
Spidéal, i gContae na Gaillimhe agus beidh orthu siúd ar mhaith leo freastal ar
an ócáid réamháirithint a dhéanamh. Ar
Oíche Chultúir freisin - cuirfidh an dá ardán ar líne faoi scáth TG4, Molscéal
agus BLOC, siamsaíocht iontach as Ráth Cairn, i gContae na Mí, agus ó Luimneach
agus Corcaigh i láthair. Beidh eagrán
speisialta de Nuacht Cúla4 ar an gcainéal nua do leanaí Cúla4 chomh maith.
Beidh ionadaíocht ag Béal Feirste, Baile Átha Cliath, Gaillimh agus Baile
Bhuirne i gContae Chorcaí ar fad ar an gclár nuachta do dhaoine óga.
Le
haghaidh tuilleadh eolais téigh chuig www.culturenight.ie.
Lean muid @CultureNight ar ár gcainéil shóisialta agus glac páirt sa chomhrá
ag úsáid #OneNightForAll agus/nó #OícheDárSaol
←Fill ar ais go dtí an nuacht