TAR AMACH CHUN AN 18Ú BREITHLÁ DEN OÍCHE CHULTÚIR A CHEILIÚRADH
Tagann An Ghluaiseacht Chultúrtha Náisiúnta in aois
Dé hAoine an 22 Meán Fómhair
www.culturenight.ie
15 únasa 20203. Is ócáid ollmhór í Oíche Chultúir, comhaistear draíochtúil agus corraitheach ina mbunaíonn an t-ealaíontóir agus an lucht féachana caidreamh lena chéile agus iad ag ceiliúradh Oíche Amháin Do Chách. Bíonn atmaisféar fáileach agus sábháilte ann gach Meán Fómhair i mbailte, cathracha, sráidbhailte agus áiteanna ar fud na hÉireann mar a thagann na daoine atá caidéiseach faoi chultúir le chéile d’oíche lán le féidearthachtaí.
Má tá tú 8, 18 nó 80 bliain d’aois, faigh greim ar do theaghlach, cairde nó imigh leat féin agus téigh isteach sa chomh-cheiliúradh cultúir is mó in Éirinn Dé hAoine an 22 Meán Fómhair agus Oíche Chultúir ag teacht in aois ar bhreithlá a 18ú bliain. Thosaigh sé ar dtús i 40 ionad i mBarra an Teampaill, Baile Átha Cliath in 2006, agus sa lá atá inniu ann is ceiliúradh uile-oileáin den chuid is fearr dár gcultúir é leis na mílte eachtraí atá SAOR IN AISCE a tharlaíonn go déanach san oíche. Ceiliúr an ócáid thábhachtach seo agus faigh amach faoin oíche tú féin.
Faoi stiúir na Comhairle Ealaíon, Cuirtear Oíche Chultúir i do láthair, i gcomhpháirt le húdaráis áitiúla agus eagraíochtaí cultúrtha ar fud an oileáin. Tugann an oíche léargas ar chaighdeán agus fairsinge na n-eisiúintí cultúrtha iontacha agus éagsúla in Éirinn, agus cuirtear lucht féachana ar an eolas faoi ionaid nua agus tallann atá ag teacht chun cinn. Ag ceiliúradh luachanna na hoscailteachta, na fionnachtana agus an mhuintearais, tá na gníomhaíochtaí go léir a bhaineann le hOíche Chultúir 2023 SAOR IN AISCE. Cabhraíonn líon mór daoine, áiteanna agus ionaid tionóil le cinntiú go dtarlóidh sé, lena n-áirítear ealaíontóirí, grúpaí léirithe, dánlanna, iarsmalanna, clubanna spóirt, leabharlanna, ionaid ealaíon, oibrithe ceardaíochta, stiúideonna, amharclanna, grúpaí pobail, údaráis áitiúla, comhlachtaí iompair, scoileanna, Ollscoileanna agus sibhse an lucht féachana.
In 2021, tugadh Oíche Chultúir Mhall isteach, sraith imeachtaí ar siúl níos moille san oíche ná mar a bhí i mblianta roimhe sin, mórán acu tar éis meán oíche. Cuirtear an tionscnamh i láthair a bhuí le tacaíocht breise ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán faoin dTascfhórsa Geilleagair na hOíche. Tá clár leathnaithe imeachtaí ag an Oíche Chultúir Mhall i mbliana. Seo a leanas blaiseadh de na míreanna a bheidh san áireamh:
- Beidh go leor beochta i Margadh na Muiríne i gCorcaigh do Candy’s Sweet As Circus Cabaret, meascán de radhairc agus breáthachtaí ina bhfuil draig-ríochas, iontais an tsorcais agus áilleachtaí buirlisce.
- Athróidh An Taibhdhearc An tSráid Láir i nGaillimh ina Phreab-Ghaeltacht arís le heachtraí agus léirithe ó healaíontóirí, Tenzi Choegyai, Galaxy, 424 Brass Band agus aisteoirí óga na Taibhdheirce san áireamh.
- Cuireann Hip Hop On Stage agus Dance Limerick Culture Shock Jam Dance i láthair i Luimneach le Afropopcity, Irish Beatbox Association agus Dj Safari mar chuid de.
- I mBéal an Átha i Maigh Eo beidh ceolchoirm faoin aer ina mbeidh ceoltóirí Steo Wall, Elaine Mai, Doppler agus Sweetlemonade san áireamh.
- I gCiarraí, glacann Trá Lí le taibheoirí turgnamhach sorcais le hais píosa leictreonach curtha i láthair ag an bhFéile Shorcais Náisiúnta.
- Agus cuirfidh Improvised Music Company ag Improvised Jazz i láthair i Margadh na Feirme, Baile Átha Cliath le léirithe le Olesya Zdorovetska, Niwel Tsumbu agus ReDiviDer.
Thug an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD a tuairim ar sheoladh cláir Oíche Chultúir: “Is buaicphointe mór í an Oíche Chultúir i gcónaí ar an bhféilire cultúrtha, agus táim ag tnúth le daoine ar fud na hÉireann a fheiceáil ag ceiliúradh Oíche Amháin Do Chách Dé hAoine 22ú Meán Fómhair. Mar chuid den chlár iontach i mbliana, beidh imeachtaí ar siúl i sráidbhailte, bailte agus cathracha ar fud na tíre.
Tá ríméad orm go dtacóidh maoiniú breise ó mo Roinn don Oíche Chultúir leis na 19 bpríomheachtra ar fud na hÉireann a thosóidh tar éis 9 a chlog agus a leanfaidh ar aghaidh go déanach san oíche. Tarraingeoidh na heachtraí seo a bhfuil scóip nuálach chuimsitheach acu, agus atá ag freastal ar réimse lucht féachana aird ar an ról lárnach atá ag an earnáil chultúrtha chun ár bhfís le haghaidh Geilleagair Oíche bríomhar agus sábháilte a chur i bhfeidhm.”
Dúirt Maureen Kennelly, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon “Chomh maith leis an réimse iontach eachtraí a chuireann ár gcultúr bríomhar i láthair, is é ceann de na rudaí is fearr liom a fheiceáil ar an Oíche Chultúir ná glúnta teaghlach agus grúpaí cairde, óg agus sean, ag teacht amach chun féachaint thart le chéile agus taitneamh a bhaint as saibhreas agus éagsúlacht chultúr na hÉireann sa lá atá inniu ann. Tá ríméad orainn mar mhaoir sa Chomhairle Ealaíon beocht a chur sa chomh-thaithí chultúrtha thábhachtach seo. Táimid ag ceiliúradh teacht in aois na hOíche Cultúir i mbliana agus molaim do gach duine teacht amach Dé hAoine 22ú Meán Fómhair, spraoi a bheith acu agus breithlá 18ú bliana sona a ghuí ar an Oíche Chultúir.”
I measc na n-eachtraí do gach aois agus spéis in áiteanna eile ar fud na tíre, tá:
- Tráthnóna Le Scríbhneoir – Colum McCann i Liatroim, ina léifidh an scríbhneoir, a bhfuil clú idirnáisiúnta air, sleachta óna shaothair agus beidh an deis ag cuairteoirí foghlaim faoi Narrative 4, eagraíocht chomhbhá neamhbhrabúis idirnáisiúnta a chomh-bhunaigh sé
- Cruinne Comhthreomhar – Áit A Bhfuil Gaeilge Ag Gach Duine ar siúl i nGaeltacht Chiarraí, beidh ceol agus damhsa faoi na réaltaí agus cainteanna i nGaeilge ar an réalteolaíocht, béaloideas agus seandálaíocht a bhaineann leis na réaltaí.
- Bainfidh páistí i gCill Dara taitneamh as Fun Finger Puppets, ceardlann theicstíl spraíúil ag cruthú méarphuipéad leis an dearthóir Aideen Cross.
- Buail isteach chuig D-Light Studios i mBaile Átha Cliath do ThaispeáintNorth Circular Le Luke McManus, turas ceolmhar trí shráideanna beoga i lár chathair Bhaile Átha Cliath, ag breathnú thart ar a stair luachmhar, ceol, agus scéalta.
- Tum tú féin i saol na taibhfhilíocht fíorspéisiúla Queer Poetry Slam and Open Mic Night na hOíche Cultúir sa Chláir.
- Féach ar lúcháir den Wall Dances ar feadh oíche amháin i nDoire, damhsaí aonair faoi gheasa agus draíochtúla curtha ar stáitse ag ealaíontóirí ó Echo Echo teilgthe ar bhallaí na cathrach.
- Bí ag súil le tráthnóna de dhíospóireacht bhríomhar a bhfuil ábhar machnaimh ann ag Where Art Meets Literature faoi shaothar cáiliúil ealaíne ag spreagadh litríochta den scoth, ag tosú le Mad Tea Party le Salvador Dali bunaithe ar “Alice's Adventures in Wonderland” le CS Lewis.
Tar éis seoladh an-rathúil i 2022, tá tionscnamh bronntanais leabhar na Comhairle Ealaíon Read Mór ar ais. I mbliana, i gcomhpháirt le hÉirinn Shláintiúil FSS, tabharfaidh an feachtas Oíche Chultúir chuig na daoine nach bhfuil in ann páirt a ghlacadh. Bronnfar liosta 30 teideal coimeádta ó thallann liteartha na hÉireann ar othair i 7 n-ospidéal roghnaithe go náisiúnta.
Tá RTÉ ina pháirtí ag Oíche Chultúir arís, ag craoladh i rith an tráthnóna ó go leor ionad réigiúnach. Cuirfidh RTÉ 1 craoladh beo mórthaibhseach ó Dhún Lúiche, i nDún na nGall i láthair ina mbeidh léirithe coimisiúnaíodh go speisialta le cúpla iontas ar an tslí. Airéine: Craolfar clár speisialta Oíche Chultúir ar RTÉ Raidió 1 beo ó Bhaile Hamaltúin, Liatroim, agus beidh 2Fm Rising ar an stáitse in Amharclann Mermaid i mBré, Cill Mhantáin, le léirithe beo ón liosta. Don eolas is deireanaí cliceáil ar www.culturenight.ie/culture-night-on-rte
Le tuilleadh eolais a fháil faoi Oíche Chultúir, téigh chuig www.culturenight.ie nó glac páirt sa chomhrá ar chainéil mheán sóisialta Oíche Chultúir ar Facebook, Twitter, YouTube agus TikTok.
- CRÍOCH -
Le haghaidh tuilleadh eolais agus iarratais agallaimh, téigh i dteagmháil le THE HIVE Agency
Nigel Goggin: nigel@thehiveagency.ie | 087 604 1161
Alison Larkin: alison@thehiveagency.ie | 0838151111
←Fill ar ais go dtí an nuacht