Tá ríméad ar an gComhairle Ealaíon a fhógairt go seolfaidh ár Stiúrthóir, Maureen Kennelly, taispeántas a cheiliúrann 60 bliain de Bhailiúchán na Comhairle Ealaíon in Uillinn Déardaoin 24 Samhain ag 3.00pm.
Tá rogha saothar le seacht n-ealaíontóir déag ón mbailiúchán, atá lonnaithe nó a bhfuil baint acu le Corcaigh, sa taispeántas, a théann siar os cionn 60 bliain agus a cheiliúrann fairsinge agus domhain an Bhailiúcháin mar chartlann cleachtais ealaíon agus acmhainn thar seasca bliain.
Ag labhairt di maidir leis an mBailiúchán, dúirt Maureen Kennelly, “Ós rud é gurb í an bhliain seo cothrom 70 bliain chéad chruinniú riamh na Comhairle Ealaíon sa bhliain 1952, tá 60 bliain de Bhailiúchán na Comhairle Ealaíon á cheiliúradh againn go bródúil freisin. Léiríonn Bailiúchán na Comhairle Ealaíon go soiléir spriocanna agus mianta na Comhairle maidir le tacú le healaíontóirí agus ligean do lucht féachana poiblí ar fud na tíre plé le saothair iontacha ealaíne. Tarraingíonn saothar ealaíne an Bhailiúcháin atá ar taispeáint in Uillinn aird ar ealaíontóirí agus cleachtais iontacha a bhfuil nasc faoi leith acu le Corcaigh agus a stair iontach féin maidir le gnóthachtáil sna hamharc-ealaíona. Tríd an taispeántas, tá ríméad ar an gComhairle Ealaíon caighdeán dochreidte na n-amharc-ealaíon a chruthaítear in Éirinn chomh maith leis an rath agus tionchar a bhíonn ag ár n-ealaíontóirí go fóill ar an stáitse náisiúnta agus idirnáisiúnta a chur os comhair an phobail” (aistrithe ó Bhéarla go Gaeilge).
Sa taispeántas seo tá pictiúr, prionta, suiteán, grianghrafadóireacht, dealbhóireacht, agus físeán le Katherine Boucher Beug, John Burke, Pat Connor, Maud Cotter, Dorothy Cross, Sarah Dwyer, Sarah Iremonger, Jesse Jones, Hina Khan, Roseanne Lynch, Kevin Mooney, Leanne McDonagh, Eilis O’Connell, Linda Quinlan, Vivienne Roche, Patrick Scott agus Pádraig Spillane.
Tá an Chomhairle Ealaíon ag ceannach ealaíne ó ealaíontóirí reatha ón mbliain 1962 anuas. Forbraíodh an Bailiúchán ó shin agus insítear scéal amharcealaín nua-aimseartha agus chomhaimseartha na hÉireann ar bhealach uathúil agus spéisiúil ann dá bharr. Cuirtear leis an mBailiúchán fós sa lá atá inniu ann, agus níos mó ná 1,300 saothar ealaíne ann lena n-áirítear dealbhóireacht, pictiúir, taibhiú, priontaí, físeáin, suiteáin, grianghrafadóireacht agus saothar eile a bhfuil go leor acu ar taispeáint i spásanna poiblí ar fud na hÉireann ionas go mbeidh daoine in ann blaiseadh a fháil díobh agus taitneamh a bhaint astu lena súile féin.
Ba bhailiúchán ar leith i gcónaí é an Bailiúchán mar gur bailíodh riamh na saothair ó na healaíontóirí le linn a saolta, go díreach óna stiúideo nó ó na dánlanna ar oibrigh siad leo. Feidhmíonn sé mar ‘iarsmalann gan bhallaí’ agus tugtar saothair ón mBailiúchán ar iasacht do thaispeántais, imeachtaí, féilte, agus ócáidí débhliantúla in Éirinn agus go hidirnáisiúnta, agus cuirtear ar taispeáint freisin iad ar iasacht fhadtéarmach i suíomhanna cúram sláinte, scoileanna, leabharlanna, ollscoileanna, agus i bhfoirgneamh poiblí eile. Is féidir saothair ealaíne sa Bhailiúchán a fheiceáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle Ealaíon.
←Fill ar ais go dtí an nuacht