“Tá sé de cheart ag gach duine bheith ag plé leis na healaíona agus páirt a ghlacadh iontu”
Plean nua 6-phointe ina sonraítear tiomantas na Comhairle Ealaíon d’ionchuimsitheacht sna healaíona
Forbrófar an plean cúig bliana trí rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara
Is céim eile é an plean seo in aistear leanúnach foghlama na Comhairle Ealaíon
Dé Máirt 1ú Lúnasa: Tá an Chomhairle Ealaíon tar éis a Plean Forfheidhmithe Bheartas an
Chomhionannais, na hÉagsúlachta agus na hIonchuimsitheachta (CÉI) 2023-2028 a
sheoladh, mar thiomantas dá n-aistear leanúnach chun pobal ealaíon níos
ionchuimsithí a chruthú. Mar an ghníomhaireacht a bhfuil sé de chúram
orainn na healaíona a fhorbairt in Éirinn, tá cur chuige réamhghníomhach agus
dírithe ag an gComhairle Ealaíon maidir leis na bunchearta daonna a chinntiú.
Léirigh anailís a rinneadh ar fhaighteoirí dhámhachtainí na Comhairle Ealaíon gur móban a chuireann isteach ar na dámhachtainí, agus go bhfuil tearcionadaíocht faoina leath ag daoine atá faoi mhíchumas, agus gur daoine geala Éireannacha iad formhór na n-iarrthóirí agus na bhfaighteoirí.
Tá sé mar aidhm ag an dara Plean Forfheidhmithe Bheartas CÉI foghlaim ó na nithe seo agus aghaidh a thabhairt orthu ionas go mbeidh comhionannas, éagsúlacht agus ionchuimsitheacht lárnach i ngach gné d’obair na heagraíochta, agus i ngach tionscnamh maoinithe agus tacaíochta ealaíon agus cultúrtha.
Aithníonn an Chomhairle Ealaíon an tábhacht a bhaineann le hearnáil ealaíon éagsúil agus ionchuimsitheach a léiríonn dearcthaí saibhre ilchineálacha dhaonra na hÉireann a chur chun cinn. Tá an Plean Forfheidhmithe 2023-2028 bunaithe ar an mbunús go bhfuil an ceart céanna ag gach duine in Éirinn dul i ngleic leis na healaíona agus páirt a ghlacadh iontu, beag beann ar aois, stádas sibhialta nó teaghlaigh, míchumas, inscne, ballraíocht de phobal an Lucht Siúil, cine, reiligiún, gnéaschlaonadh, nó stádas socheacnamaíoch.
Tá sé phríomhghníomh sa Phlean Forfheidhmithe a théann i ngleic le réimsí a bhfuil gá le dul chun cinn a dhéanamh iontu. Is iad seo: gur féidir le sainmhínithe na Comhairle Ealaíon ar fhoirmeacha ealaíne agus ar chleachtais a bheith níos ionchuimsithí; gur féidir teacht níos éasca a bheith ar ár samhail mhaoinithe; gur féidir feabhas a chur ar an imeascadh CÉI lenár gcleachtais oibre agus lenár tacaíocht agus rannpháirtíocht in earnáil na n-ealaíon; gur féidir an t-eolas atá againn faoi na constaicí rannpháirtíochta agus cuir chuige neamhsheasmhacha maidir leis an gcumarsáid agus leis an bhfor-rochtain a fhorbairt agus go mbeidh monatóireacht agus measúnacht leanúnach á ndéanamh againn ar thograí CÉI.
Creideann an Chomhairle Ealaíon gur do chách atá na healaíona. Idir thaibheoirí agus léiritheoirí agus daoine den lucht féachana, idir ealaíontóirí agus éascaitheoirí, tá spás ann do gach duine chun páirt a ghlacadh sna healaíona, dul i ngleic leo agus iad a chruthú. Tuigimid go maith go bhfuil go leor éagothroime ann fós in Éirinn agus go bhfuil líon mór daoine ann a bhfuil constaicí le sárú acu go fóill maidir le spéis a chur agus páirt a ghlacadh sna healaíona.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag Maureen Kennelly, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon, “Gealltar sa Bheartas CÉI seo go gcuirfear an comhionannas, éagsúlacht agus ionchuimsitheacht i gcroílár phleananna oibríochtúla agus straitéiseacha na Comhairle Ealaíon. Chun é sin a dhéanamh, teastóidh athruithe inár struchtúir agus oibríochtaí. Spreagfaimid agus tabharfaimid tacaíocht d’eagraíochtaí agus d’ealaíontóirí a dtacaímid leo chun cabhrú leo a gcuid saothair le healaíontóirí agus leis an lucht féachana a dhéanamh níos ilghnéithí agus níos ionchuimsithí. Creideann an Chomhairle Ealaíon go láidir go bhfuil an ceart ag gach duine a chónaíonn in Éirinn na healaíona a chruthú, dul i ngleic leo, taitneamh a bhaint astu agus bheith páirteach iontu.”
Bhí an méid seo a leanas le rá ag Dr Suha Shakkour, Ceann an Chomhionannais, na hÉagsúlachta agus na hIonchuimsitheachta ag an gComhairle Ealaíon: “Forbraíodh an Plean Forfheidhmithe CÉI le go mbeadh sé trasnach, sofhreagrúil agus mothálach, a thabharfaidh deis dúinn gníomhartha nua a chur leis, de réir mar a fhoghlaimímid agus tuigimid níos mó le linn na céad cúig bliana eile. Tá mé féin agus m’fhoireann tar éis a bheith ag obair go dian chun cinntiú go léiríonn an Plean guthanna na n-ealaíontóirí, na n-oibrithe ealaíne, agus an lucht féachana in Éirinn, agus dá bharr sin is é an t-aon smaoineamh amháin a spreag muid ná: Ba cheart go mbeadh na healaíona in Éirinn do chách. Táimid ag iarraidh ar dhaoine bheith páirteach linn agus spás ionchuimsitheach amach is amach a dhéanamh de na healaíona in Éirinn, áit ina mothaíonn gach duine go bhfuil fáilte rompu.”
Léiríonn forbairt ar Phlean Forfheidhmithe CÉI 2023-2028 tiomantas leanúnach na Comhairle Ealaíon do dheireadh a chur le bacainní a choisceann rochtain iomlán ar na healaíona agus rannpháirtíocht iontu in Éirinn.
Creideann an Chomhairle Ealaíon gur féidir linn leas a bhaint as na torthaí ealaíonta saibhre agus cleachtas comhaimseartha atá dúshlánach, ábhartha agus a thugann léargas níos cruinne ar ár sochaí inniu má dhéanaimid comhionannas, éagsúlacht agus ionchuimsitheacht a chur chun cinn sna healaíona in Éirinn.
←Fill ar ais go dtí an nuacht