Tá iarratais á lorg ag an gComhairle Ealaíon agus ag Coláiste na hOllscoile Corcaigh ó ealaíontóirí scannán dearscnaitheacha don ról mar Ealaíontóir Scannán Cónaithe ag UCC don bhliain féilire 2021.
Tá sé mar aidhm ag an bpost mar Ealaíontóir Scannán Cónaithe, lonnaithe i Scoil na Scannánaíochta, an Cheoil agus na hAmharclainne, deis uathúil a chur ar fáil d’Ealaíontóir Scannán a chleachtas/a cleachtas a fhorbairt i dtimpeallacht ollscoile agus, ina theannta sin, deis a thabhairt do mhic léinn i scannán agus meáin scáileáin oibriú ar bhealach bríoch le healaíontóir atá i mbun cleachtaidh le linn dóibh a bheith i mbun staidéir.
Eolas faoin gcónaitheacht
Fostófar an tEalaíontóir Scannán Cónaithe don bhliain féilire 2021 agus beidh sé nó sí lonnaithe i Roinn na Scannánaíochta agus na Meán Scáileáin ag UCC.
Beidh dhá chuid ag an gcónaitheacht:
Ó mhí Eanáir go mí an Mheithimh 2021, tacófar leis an Ealaíontóir Scannán Cónaithe chun dul i ngleic le mic léinn agus leis an bhfoireann ollscoile. Déanfaidh an tEalaíontóir Scannán cónaithe an clár rannpháirtíochta seo a dhearadh, i gcomhar le foireann na hollscoile, agus d’fhéadfadh go mbeadh teagasc dírithe iarchéime, ceardlanna, meantóireacht, imeachtaí poiblí nó gníomhaíochtaí eile a chuireann fuinneamh nua agus uathúil leis an gclár scannánaíochta agus meán scáileáin mar chuid den chlár sin. Is é ceithre uair an chloig in aghaidh na seachtaine an t-uasmhéid ama teagmhála a bheidh ag an scríbhneoir le mic léinn agus leis an bhfoireann agus le linn an ama seo, agus ní bheidh ar an Ealaíontóir Scannán curaclam príomhúil a sheachadadh.
Ó mhí Iúil go mí na Nollag, tacófar leis an Ealaíontóir Scannán chun díriú go hiomlán ar a chleachtas nó ar a cleachtas féin.
Is é €20,000 an táille a íocfar leis an Ealaíontóir Scannán Cónaithe. Íocfaidh an Chomhairle Ealaíon an táille ina dhá tráthchuid go díreach leis an Ealaíontóir Scannán Cónaithe, agus scríobhfaidh an tEalaíontóir Scannán tuairisc dheiridh ag deireadh na cónaitheachta. Cuirfear spás sonrach ar fáil don Ealaíontóir Scannán Cónaithe, áit a mbeidh sé nó sí in ann tabhairt faoina chleachtas nó faoina cleachtas cruthaitheach féin ar champas na hollscoile.
Conas Iarratas a Dhéanamh
Ní mór go mbeadh taithí scannánaíochta ag iarratasóirí ar an ról, lena n-áirítear teideal creidiúna amháin ar a laghad acu mar stiúrthóir nó mar scríbhneoir/stiúrthóir ar fhadscannán nó clár faisnéise cruthaitheach a taispeánadh sa phictiúrlann.
Ní mór d’Ealaíontóirí Scannán an méid seo a leanas a chur ar fáil chun iarratas a dhéanamh:
• Togra mionsonraithe. Ba cheart go dtabharfaí achoimre ar an bhfís don ról agus ar an gcur chuige molta maidir le teagmháil a dhéanamh le mic léinn, baill foirne agus an ollscoil níos leithe ann. Ba cheart tagairt a dhéanamh do taithí ábhartha chun tacú leis an togra.
• Ráiteas an ealaíontóra, ar aon leathanach amháin, ina ndéantar cur síos ar an tionchar a bheadh ag an gcónaitheacht ar fhorbairt chleachtas an ealaíontóra sa scannánaíocht.
• CV mionsonraithe, ina leagtar amach teidil chreidiúna scannáin.
Ba cheart iarratais a sheoladh chuig filmartist@ucc.ie faoi 5.30 pm, Déardaoin, 29 Deireadh Fómhair 2020. Ní ghlacfar ach le hiarratais i ríomhphost amháin. Ní ghlacfar le hiarratais a gheofar tar éis an spriocdháta sin.
An Próiseas Measúnaithe
Bunóidh an Chomhairle Ealaíon agus UCC coiste roghnúcháin nuair a fhaightear na hiarratas, agus beidh beirt ionadaithe ó UCC, duine amháin ón gComhairle Ealaíon agus comhalta painéil seachtrach ag a bhfuil saineolas scannánaíochta ar an bpainéal sin. Cuirfidh an coiste roghnúcháin gearrliosta d’iarrthóirí le chéile bunaithe ar na critéir seo a leanas:
• cuntas teiste ealaíonta (sa scannánaíocht) an iarratasóra (agus teideal creidiúna amháin ar a laghad aige nó aici mar stiúrthóir nó mar scríbhneoir/stiúrthóir ar fhadscannán nó clár faisnéise cruthaitheach a taispeánadh sa phictiúrlann san áireamh)
• caighdeán an smaoinimh/chur chuige (tagraítear don mhéid sin thuas), mar atá le sonrú san iarratas
• an tionchar féideartha a d’fhéadfadh a bheith ag an gcónaitheacht ar chleachtas cruthaitheachta an Ealaíontóra Scannán féin
Bunófar gearrliosta (ní bheidh níos mó ná seisear Ealaíontóirí Scannán ar an ngearrliosta). Iarrfar ar iarratasóirí a chuirtear ar an ngearrliosta dul faoi agallamh go déanach i mí na Samhna/i mí na Nollag. Is dócha go reáchtálfar an t-agallamh trí ghlaoch físchomhdhála, i gcomhréir leis na treoirlínte sláinte poiblí. Tabharfar deis do na hiarratasóirí atá ar an ngearrliosta a bhfís, a dtogra agus a dtaithí a phlé go mionsonraithe san agallamh. Déanfaidh an painéal an cinneadh deiridh bunaithe ar na critéir thuasluaite.
←Fill ar ais go dtí an nuacht