2 Meán Fómhair 2019-30 Lúnasa 2020
Tá iarratais á lorg ó ealaíontóirí scannán dearscnaitheacha don ról thuas, atá cómhaoinithe ag an gComhairle Ealaíon agus ag Coláiste na hOllscoile Corcaigh.
Tá sé mar aidhm ag an bpost mar Ealaíontóir Scannán Cónaithe, lonnaithe i Scoil na Scannánaíochta, an Cheoil agus na hAmharclainne, deis uathúil a chur ar fáil do scríbhneoir scáileáin a chleachtas/a cleachtas a fhorbairt i dtimpeallacht ollscoile agus, ina theannta sin, deis a thabhairt do mhic léinn i scannán agus meáin scáileáin oibriú ar bhealach bríoch le healaíontóir atá i mbun cleachtaidh le linn dóibh a bheith i mbun staidéir.
Ceapfar an tEalaíontóir Scannán Cónaithe ar feadh bliana agus íocfar €20,000 leis an iarratasóir a n-éireoidh leis/léi. Cuirfidh sé/sí cúig huaire teagmhála ar fáil in aghaidh na seachtaine i bhfoirm ceardlann sa scríbhneoireacht scáileáin, léachtaí agus meantóireacht aonair le mic léinn thar dhá sheimeastar, agus beidh am gan aon chur isteach aige/aice chun a c(h)uid saothair féin a chur chun cinn le linn laethanta saoire na hollscoile. Reáchtálfar imeacht poiblí tiomanta leis an Ealaíontóir Scannán Cónaithe le linn Fhéile Scannán Chorcaí in 2019.
Conas Iarratas a Dhéanamh
Ba cheart iarratas a dhéanamh trí litir nó ríomhphost, ina léireofar d’fhís don ról mar Ealaíontóir Scannán Cónaithe, agus ba cheart CV a chur isteach ina mbeidh sonraí ar do thaithí ar an scríbhneoireacht scáileáin. Caithfidh ainm na n-iarratasóirí a bheith le príomhscannán a léiríodh i gcáil scríbhneoir scáileáin.
- Ba cheart iarratais a sheoladh chuig: uccfilmstudies@ucc.ie
- Is féidir fiosruithe neamhfhoirmiúla faoin bpost a dhéanamh leis an Dr Gwenda Young, Scannán agus Meáin Scáileáin (g.young@ucc.ie)
- Spriocdháta: 15 Bealtaine 2019
- Is i gCorcaigh a thionólfar na hagallaimh go luath i mí an Mheithimh 2019
←Fill ar ais go dtí an nuacht