Tá spéis ag
an gComhairle Ealaíon timpeallacht a chruthú, trína dámhachtainí scannáin, ina
bhfuil an tsaoirse ag scannánóirí saothar turgnamhach agus/nó
neamh-scéalaíochta a dhéanamh, agus tugtar deiseanna dóibh saothar
ard-chruthaitheach a dhéanamh d’ardáin taispeántais i dtionscal na
scannán.
Reáchtálfaidh
an Chomhairle Ealaíon, i gcomhar le AEMI, clinicí
faisnéise in Ionad Ealaíon Triskel, Corcaigh agus i gCartlannAiltireachta na hÉireann, Baile Átha Cliath, roimh na spriocdhátaí atá
ag teacht aníos do Reel Art, Authored Works agus an Dámhachtain do Thionscadal
Scannáin. Iarrtar ar dhaoine a bhfuil sé ar intinn acu iarratas a dhéanamh ar
na dámhachtainí seo freastal ar cheann amháin de na clinicí seo mar a
ndéanfaidh ionadaithe ón gComhairle Ealaíon plé ar na dámhachtainí agus
ceisteanna a fhreagairt.
Reáchtálfar
clinicí faisnéise ar na dátaí agus ag na hamanna seo a leanas:
Déardaoin, 2 Aibreán 2020 ó 2.30 pm – 4.30 pm
Ionad Ealaíon Triskel, Sráid an Tóibínigh, Corcaigh
Aoine, 3 Aibreán 2020 ó 11.00 am – 1.00 pm.
Cartlann Ailtireachta na hÉireann, 45 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2
Ba cheart
do dhaoine ar spéis leo a bheith i láthair clárú ach ríomhphost a sheoladh
chuig info@aemi.ie
Spriocdhátaí
do dhámhachtainí atá ag teacht aníos
Reel Art
Is é an cuspóir atá le Reel Art deis a chur ar fáil d’ealaíontóirí scannán chun
cláir faisnéise atá an-chruthaitheach, an-samhlaíoch agus an-turgnamhach a dhéanamh
ar théama ealaíne lena taispeáint sa phictiúrlann. Tacófar le dhá scannán in
2020. Cuirfear ciste iomlán €102,500 ar fáil don dá iarrthóir a n-éiríonn leo
(ar a n-áireofar buiséad léirithe €90,000 agus tacaíocht taispeántais bhreise
€12,500). Ní chuirfear san áireamh ach scannáin is féidir a dhéanamh laistigh
den bhuiséad seo. Caithfear na scannáin a chríochnú le taispeáint den chéad
uair ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath, ár gcomhpháirtí
tionscadail, i mí Feabhra 2022.
Spriocdháta le haghaidh iarratas: 17:30 14 Bealtaine 2020
Dámhachtain do Thionscadal Scannáin
Bronntar an dámhachtain tionscadail ar scannáin d’ardchaighdeáin atá
uaillmhianach i mbealach cruthaitheach agus turgnamhach. Ba cheart an obair a
dhéanamh i bhfoirm scannáin agus é d’aidhm aige dul i ngleic le lucht féachana
agus dúshlán a thabhairt dóibh agus ba cheart é a dhéanamh le taispeáint go
poiblí i bpictiúrlanna ar an gcéad dul síos. Ar na tograí féideartha tá cinn:
atá turgnamhach ó thaobh foirme nó ábhair de; nach bhfuil struchtúr an scéil
leo; a bhaineann úsáid chruthaitheach as an teicneolaíocht. D’fhéadfadh
iarratasóirí rathúla cur isteach ar thacaíocht taispeántais bhreise. An
tUasbhuiséad Léiriúcháin: €70,000
Spriocdháta le haghaidh iarratas: 17:30 13 Lúnasa 2020
Authored Works
Is é cuspóir Authored Works saoirse chruthaitheach agus eagarthóireachta a
thabhairt d’ealaíontóirí scannán chun saothar fadscannáin chultúrtha a dhéanamh
ó dhearcadh láidir ealaíonta. Tacófar le scannán amháin in 2020. Cuirfear ciste
iomlán €200,000 ar fáil don iarrthóir a n-éiríonn leis (ar a n-áireofar buiséad
léirithe €185,000 agus tacaíocht taispeántais bhreise €15,000). Ní chuirfear
san áireamh ach scannáin is féidir a dhéanamh laistigh den bhuiséad seo.
Caithfear an scannán a chríochnú lena thaispeáint den chéad uair ag Institiúid
Scannán na hÉireann, ár gcomhpháirtí taispeántais, ar dháta a aontófar in 2022.
Spriocdháta le haghaidh iarratas: 17:30 20 Lúnasa 2020
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi Dhámhachtainí Scannáin na Comhairle
Ealaíon agus chun treoirlínte na dámhachtana a fháil, féach ar an rannán maidir
leis an maoiniú atá ar fáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle
Ealaíon. Is féidir leat dul i dteagmháil leis an gComhairle Ealaíon ar 01 618
0200 nó ag an seoladh ríomhphoist awards@artscouncil.ie
←Fill ar ais go dtí an nuacht