- Níor seachadadh obair chun córais nua TFC a fhorbairt don Chomhairle Ealaíon agus díscríobhadh caiteachas i dTuarascáil Bhliantúil 2023 dá bharr sin
- Geallann an Chomhairle Ealaíon moltaí a d’eascair as iniúchadh na Roinne Ealaíon, Meán, Cumarsáide, Cultúir agus Spóirt a chur chun feidhme
- Tá an Chomhairle Ealaíon ag plé le conraitheoirí d’fhonn sásamh dlíthiúil a fháil
Dáileann an Chomhairle Ealaíon maoiniú ar ealaíontóirí agus ar eagraíochtaí ealaíon ar fud na hÉireann. Chuige sin, oibrímid córas iarratais agus íocaíochtaí ar líne, córas atá i bhfeidhm ó 2008 i leith. In 2023, thacaigh 90% dár gcaiteachas dar luach €143m go díreach le healaíontóirí agus leis an bpobal.
In 2018, d’aithníomar go raibh ár gcórais ar líne, a bhí ag dul in aois, ag cruthú dúshlán agus go raibh feabhsú le déanamh orthu, agus dá bharr sin lorgaíomar ceadú le córais nua TF a fhorbairt, chun an t-eispéireas úsáideoirí a fheabhsú agus chun córas amháin a dhéanamh de chúig chóras gnó a bhí ann cheana féin. In 2019, i ndiaidh ceadú a fháil do chistiú caipitil, cuireadh tús le forbairt na gcóras sin.
Bhí an Clár um Chlaochlú Gnó (CCG) sin uaillmhianach agus ba thionscadal eisceachtúil é don Chomhairle Ealaíon. Fuarthas beirt chonraitheoirí TF tríd an bpróiseas soláthair phoiblí le cabhrú linn an cuspóir casta sin a sholáthar. Níor soláthraíodh an tionscadal CCG.
Aithníonn an Chomhairle Ealaíon an caiteachas suntasach ar an tionscadal sin agus an díscríobh caiteachais, arb ionann a luach agus €5.3m, a bhaineann leis. Is trua linn nár soláthraíodh an tionscadal uaillmhianach agus casta seo. Glacaimid lenár ról mar choimeádaí airgid phoiblí go han-dáiríre ar fad agus is mar gheall air sin atáimid ag plé leis na conraitheoirí d’fhonn sásamh dlíthiúil a fháil.
Dúirt Maura McGrath, an Cathaoirleach: “Mar Chathaoirleach nuacheaptha na Comhairle Ealaíon, táim an-bhuartha ar fad faoi neamhsholáthar an tionscadail seo agus na costais a bhain leis. Gheall mé don Aire O’Donovan go gcoinneoidh mé féin, Bord na Comhairle Ealaíon agus an feidhmeannas le pé beart agus leasú a theastaíonn. Oibreoimid leis an Roinn chun dul i ngleic leis an gceist sin agus chun a chinntiú nach féidir leis tarlú arís, agus tá athbhreithniú seachtrach rialachais curtha ar bun agam cheana féin. Tá maoiniú faighte againn sa Chomhairle Ealaíon chun infheistíocht a dhéanamh sna healaíona agus chun tacú le healaíontóirí. Sin í an mhuinín phoiblí a dhílsítear dúinn, an mhuinín a bhfuil rún agam a choimeád.”
Dúirt Maureen Kennelly, an Stiúrthóir: “Ba é an rún a bhí againn i gcónaí an tseirbhís is fearr a chur ar fáil dár n-ealaíontóirí agus dár n-eagraíochtaí ealaíon trí chóras nua a thabhairt isteach in áit ár seanchóras TF. Rinne an Chomhairle Ealaíon cinntí bunaithe ar chomhairle agus saineolas seachtrach le linn an tionscadail seo. Is trua linn nár cuireadh an tionscadal uaillmhianach agus casta seo i gcrích agus táimid ag plé le conraitheoirí d’fhonn sásamh dlíthiúil a fháil. Chuireamar an fhaisnéis ar fad ar fáil don Roinn lena chinntiú go mbeidh an t-iniúchadh a dhéanfaidh siad ar an tionscadal cuimsitheach agus táimid ag plé le cur chun feidhme na moltaí. Tá gá fós le córas nua agus tá rún daingean agam córas feabhsaithe bainistíochta deontas a chur ar fáil d’earnáil na n-ealaíon.”
Síleann an Chomhairle Ealaíon gur chuir na tosca seo a leanas go suntasach le neamhsholáthar an tionscadail:
- Ar an gcéad dul síos, rinne ár gconraitheoirí, a ceapadh trí phróiseas soláthair phoiblí, obair ar chaighdeán nach raibh cuí.
- Ar an dara dul síos, bhraitheamar go mór ar an gcomhairle sheachtrach a fuarthas agus ghlacamar léi le dea-intinn. Chuir tosaíochtaí athraitheacha le linn Covid le moilleanna soláthair freisin.
- Ar an tríú dul síos, ar sheachadadh an táirge, nach raibh oiriúnach don fheidhm a bhain leis, dúradh linn go bhféadfaí an obair a réiteach agus rinneadh cinneadh dá bharr sin leanúint leis an gClár chun an infheistíocht tosaigh a chosaint.
Nocht an obair forbartha a rinneadh ina dhiaidh sin agus athbhreithnithe leanúnacha go raibh na heasnaimh agus fabhtanna chomh bunúsach sin nach raibh sé éifeachtúil ó thaobh costas de leanúint ar aghaidh. I gcomhréir lenár rialachas tionscadail, rinneamar measúnú ar an tionscadal, agus mar thoradh air sin, stopadh é go déanach in 2023 agus beartaíodh éirí as i mí an Mheithimh 2024 i ndiaidh anailís costais is tairbhe.
D’oibríomar agus táimid ag obair go dlúth fós le hOifig Phríomh-Oifigeach Faisnéise an Rialtais (OGCIO) chomh maith lenár Roinn líne. Tá foireann TFC na Comhairle Ealaíon neartaithe go suntasach anois. Ceapadh beirt shaineolaithe sinsearacha TFC agus chomh maith leis sin tá Oifig Bainistíochta Tionscadal nua bunaithe againn.
Is féidir linn cuid den obair a rinneadh cheana féin ar phróisis ghnó agus ar tháirgí teicniúla insoláthartha a choimeád agus a athúsáid. Obair í seo a bhaineann le riachtanais úsáideoirí, ascnamh sonraí, comhtháthú córais íocaíochtaí, mapaí próisis, rialachas inneachair, agus straitéis tástála. Ba é €6.675m luach an chaiteachais iomláin. Coinníodh cuid de sin siar agus is féidir obair dar luach €1.2m a úsáid arís. Tá airgead á shiarchoinneáil againn agus táimid ag plé le conraitheoirí d’fhonn sásamh dlíthiúil a fháil.
Tá gá fós le córas TF uasghrádaithe, go háirithe córas iarratais agus íocaíochtaí ar líne d’ealaíontóirí agus d’eagraíochtaí ealaíon. Táimid tiomanta go fóill teacht ar réiteach eile.