Tá sé fógartha ag an gComhairle Ealaíon, i gcomhar le Coláiste na nEalaíon, an Léinn Cheiltigh agus na nEolaíochtaí Sóisialta i gColáiste na hOllscoile Corcaigh (UCC), agus leis an Scoil Ceoil agus Amharclannaíochta (UCC), gur ceapadh Niall Vallely, taibheoir agus cumadóir a bhfuil cáil idirnáisiúnta air, mar Ealaíontóir Traidisiúnta Cónaithe ag Coláiste na hOllscoile Corcaigh 2014-15. Cuirfidh Vallely sraith ceolchoirmeacha, ceardlann agus seimineár i láthair i rith a chónaitheachta bliana, a thosaigh i nDeireadh Fómhair 2014.
Rugadh Niall Vallely in Ard Mhacha i 1970 agus thosaigh sé ag seinm an chonsairtín nuair a bhí sé seacht mbliana d’aois. Ba iad a thuismitheoirí Brian agus Eithne Vallely, bunaitheoirí Chumann Píobairí Ard Mhacha, a mhúin é. Thar na blianta, tá cur chuige uathúil forbartha aige i leith chasadh na huirlise agus bhunaigh sé é féin mar dhuine de na ceoltóirí traidisiúnta Éireannacha is tábhachtaí ag leibhéal idirnáisiúnta.
Ba í cruthaitheacht Vallely ba bhunús le roinnt bannaí tábhachtacha sa cheol traidisiúnta, lena n-áirítear Nomos agus Buille. Mar aon leis sin, mar chumadóir tá go leor píosaí ceoil thraidisiúnta an-aitheanta scríofa aige a sheinntear go fairsing agus atá taifeadta ag go leor ealaíontóirí. Le blianta beaga anuas, tá a chuid píosaí ceoil ag déanamh a gcuid féin den ionstraimiú agus d’fhoirmeacha ar scála mór. Tá coimisiúin faighte aige ó RTÉ Lyric FM, BBC Thuaisceart Éireann, William Kennedy Piping Festival agus UCC i measc grúpaí eile.
Tá Scoil Ceoil agus Amharclannaíochta UCC ina ceannródaí le blianta fada i gceol traidisiúnta na hÉireann mar ábhar léinn agus is í a bheidh ina hóstach do Vallely. Cuireann foireann ceoltóirí traidisiúnta a bhfuil aithne idirnáisiúnta orthu lena n-áirítear Bobby Gardiner, Matt Cranitch, Connie O'Connell, Colm Murphy, Mary Mitchell-Ingoldsby agus Mel Mercier fáilte mhór roimhe.
←Fill ar ais go dtí an nuacht