Niall Vallely Ealaíontóir Traidisiúnta Cónaithe UCC 2014/2015.
Táthar ag lorg iarratas ó shárealaíontóirí clúiteacha (ceoltóirí, amhránaithe,
rinceoirí) a bhfuil an-teist orthu don fholúntas thuasluaite arna chomh-mhaoiniú
ag Coláiste na nEalaíon, an Léinn Cheiltigh agus na nEolaíochtaí Sóisialta (COC)
agus ag an gComhairle Ealaíon. Ó Dheireadh Fómhair 2015 go dtí Meán Fómhair 2016
an tréimhse atá i gceist.
Beidh an té a cheapfar mar chomhairleoir agus mar mheantóir d’ealaíontóirí
traidisiúnta nua i bpobal COC agus cuirfidh sé/sí sé huaire a' chloig teagmhála
ar fáil gach seachtain le ceardlanna, seimeanáir agus seisiúin
chomhairleoireachta i rith théarmaí na hollscoile. Seinnfidh an té a cheapfar ag
dhá cheolchoirm phoiblí agus beidh baint aige/aici le comhthionscadal idir an
fhoireann agus na mic léinn a chuirfidh ábhar ealaíonta bunaidh os comhair an
tsaoil mhóir. I rith laethanta saoire na hollscoile beidh an té a cheapfar in ann
a c(h)uid tionscadal féin a chur i gcrích gan aon chur isteach.
- Dáta deireanach le haghaidh Iarratas: 31 Iúil 2015
- Scoil: An Scoil Ceoil agus Amharclannaíochta
- Conradh: Téarma Seasta Páirtaimseartha. 01 Deireadh Fómhair 2015–30 Meán Fómhair 2016
Conas iarratas a dhéanamh
Ba cheart iarratais a sheoladh mar cheangaltán le ríomhphost roimh an 31 Iúil
2015. Iarrtar ar iarrthóirí litir iarratais maille le C.V. a chur isteach in a
bhfuil sonraí a bhaineann le hábhar, mar shampla ceolchoirmeacha, foilseacháin
(CDanna, DVDanna, srl. san áireamh) agus gradaim go dtí an Mary Mitchell-
Ingoldsby, An Scoil Ceoil agus Amharclannaíochta, COC nó mmitchell@music.ucc.ie.
Tuilleadh eolais
Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Mary Mitchell-Ingoldsby má tá tuilleadh
eolais uait ar shonraí, ar chúrsaí airgeadais nó má theastaíonn uait fiosrúcháin
neamhfhoirmiúla a dhéanamh.
←Fill ar ais go dtí an nuacht