Tá an Chomhairle Ealaíon, i gcomhar le Coláiste na nEalaíon, an
Léinn Cheiltigh agus na nEolaíochtaí Sóisialta (UCC), agus leis an Scoil Ceoil
agus Amharclannaíochta (UCC), tar éis Desi Wilkinson, taibheoir agus múinteoir a
bhfuil cáil idirnáisiúnta air, a cheapadh mar Ealaíontóir Traidisiúnta Cónaithe
i gColáiste na hOllscoile Corcaigh le haghaid 2015-2016. Cuirfidh Wilkinson
sraith ceolchoirmeacha, ceardlann agus seimineár i láthair i rith a
chónaitheachta bliana, a thosaigh i mí Dheireadh Fómhair 2015.
Ceoltóir
traidisiúnta Éireannach a bhfuil moladh idirnáisiúnta faighte aige agus a bhfuil
taithí leathan aige ar thairbhiú gairmiúil ceoil is ea Desi Wilkinson. Agus cáil
air mar gheall ar an spéis atá aige ina lán cineálacha éagsúla ceoil, tá Desi
in thaibheoir agus ina mhúinteoir cleachta a bhfuil an-ghean air. Is as Beal
Feirste ó dhúchas do Desi agus, cé go bhfuil sainstíl agus sainteicníc Uladh
aige, tá traidisiúin fliúit Shligigh agus Ros Comáin le brath ina chuid saothair
freisin. Seinneann sé fliúit cheolchoirme, feadóg stáin, fidil, píb mhála agus
cláirnéid agus tá spéis láidir aige san amhránaíocht thraidisiúnta. Tá saothar
taibhithe agus taifeadta aige le raon leathan ealaíontóirí ó domhan cheol
traidisiúnta na hÉireann agus tá saothar curtha i láthair aige in amharclanna
agus ag féilte náisiúnta ar fud na hEorpa, Mheiriceá Thuaidh agus na Seapáine.
Agus é ar dhuine de na chéad bhaill de Cran, tá saothar taifeadta agus tugtha ar
camchuairt go fairsing aige leis an ngrúpa. Tá dhá albam aonair eisithe aige
freisin.
Le linn na 1990idí, bhí Desi páirteach i gcúpla tionscadal
ceoil idirnáisiúnta, lenar áiríodh Hent St Jakez (inar úsáideach ceol
agus focail chun scéal na hoilithreachta go Santiago de Compostela a insint)
agus The West Wind (tionscadal faoi urraíocht amharclann La Villette i
bPáras agus amharclann Quartz in Brest inar baineadh leas as meascán traidisiúin
cheoil agus a bhí ar siúl mar chuid de L'Imaginaire Irlandaise). I
measc mórthionscadail eile dá chuid, tá La Traversée (2001),
Senegal to Donegal (2002) agus Buffalo in the Castle (2009)
ina ndearnadh iniúchadh ar na naisc atá ann idir ceol na hÉireann agus ceol
seanstíle Mheiriceá.
Roimh an gceapachán seo mar Ealaíontóir
Traidisiúnta Cónaithe in UCC, d'oibrigh Desi mar léachtóir lánaimseartha leis an
Ionad Idirnáisiúnta um Léann Ceoil in Ollscoil Newcastle. Tá roinnt alt
foilsithe aige faoi ghnéithe sóisialta agus ageistéitice cheol traidisiúnta na
hÉireann agus foilsíodh a leabhar Call to the Dance in 2015 (Pendragon
Press, Nua-Eabhrac) ina dtugann sé léargas ar an gceol damhsa agus ar an saol
sochpholaitiúil sa Bhriotáin.
←Fill ar ais go dtí an nuacht