Tá cáil idirnáisiúnta ar Iarla Ó
Lionáird mar amhránaí, mar léiritheoir agus mar chumadóir. Ceapadh é mar an
chéad Ealaíontóir Traidisiúnta Cónaithe i gColáiste na hOllscoile Corcaigh
(UCC) i Meán Fómhair 2013.
Ghlac sé páirt le linn na bliana i sraith
léirithe ar a n-áirítear ceolchoirm le Steve Cooney san Aula Maxima in UCC i
mí Dheireadh Fómhair 2013, comhshaothar in éineacht le cór UCC inar léiríodh
cóirithe nua ceoil den chéad uair, agus comhshaothar eile in éineacht le
Ceolfhoireann Gamalan UCC. Bhí Ó Lionáird ina theagascóir amhránaíochta ar an
sean-nós agus ina léachtóir leis. Thug sé Léacht Chuimhneacháin Sheáin Uí
Riada uaidh in 2014, a dhírigh ar an tionchar a d’imir ‘Ballyvourney
Collection’ le A.M. Freeman ar chleachtas na hamhránaíochta traidisiúnta i
nGaeltacht Mhúscraí.
Ba i gCúil Aodha, croícheantar an cheoil i
nGaeltacht Chorcaí Thiar, a d’fhás Iarla Ó Lionáird aníos agus is ann a
d’fhoghlaim sé a cheird. Idir thaifead eiseamláireach an amhráin ‘Aisling
Gheal’ a rinne sé go luath ina shaol oibre agus na taifeadtaí agus na
léirithe nuálacha uile a rinne sé le Afro-Celt Sound System, fágann
comhthionscadail Uí Lionáird agus an cumasc nuálach a dhéanann sé idir
traidisiúin an tsean-nóis agus an nuacheoil leictreonaigh go bhfuil sé ar
cheann de na healaíontóirí is cruthaithí, is spreagúla agus is uaillmhianaí i
gceol an lae inniu. I dteannta a chuid saothar aonair, tá sé ina bhall
freisin de The Ghost Trio agus The Gloaming. Tá an t-eolas is déanaí faoina
chuid oibre le fáil ar a shuíomh idirlín http://www.iarla.com
Bhunaigh an Chomhairle Ealaíon, i gcomhar le Coláiste na nEalaíon, an
Léinn Cheiltigh agus na nEolaíochtaí Sóisialta (UCC), agus leis an Scoil
Ceoil agus Amharclannaíochta (UCC), an tEalaíontóir Traidisiúnta Cónaithe ag
Coláiste na hOllscoile Corcaigh in 2013.
←Fill ar ais go dtí an nuacht