Tá an Chomhairle Ealaíon ag nuashonrú a beartais maidir leis na hEalaíona agus Míchumas faoi láthair, chun forbairtí ó thaobh soláthar agus cleachtas de a thabhairt san áireamh, agus chun ceanglais na reachtaíochta míchumais agus comhionannais a thabhairt san áireamh go leanúnach. Táthar ag súil go gcuirfidh forbairt beartais den chineál sin soiléire agus leanúnachas ar fáil don Chomhairle Ealaíon agus don earnáil sna cúig bliana atá amach romhainn. D’eagraigh an Chomhairle Ealaíon dhá lá plé maidir le beartas le déanaí, agus tugadh cuireadh do réimse leathan páirtithe leasmhara ealaíon agus míchumais, lena n-áirítear ealaíontóirí, gníomhaithe, agus daoine aonair a oibríonn in eagraíochtaí ealaíon, in oifigí ealaíon údaráis áitiúil agus in ionaid, tar éis próisis comhairliúcháin agus cumarsáide leanúnaí le comhpháirtithe lárnacha. Tugadh cuireadh don ghrúpa athbhreithniú a dhéanamh ar smaointeoireacht agus ar sholáthar reatha na Comhairle Ealaíon i réimse na hEalaíona agus Míchumais agus na láidreachtaí, na heaspaí agus na deiseanna lárnacha a aithint don Chomhairle Ealaíon le measúnú a dhéanamh orthu nuair a bheidh a beartas agus a straitéis á nuashonrú. Ba léiriú é comhdhéanamh éagsúil an ghrúpa comhairliúcháin ar chastacht na hearnála agus d’éirigh leis réimse luachmhar peirspictíochtaí a fháil ar na bealaí ina ndéantar ealaín, ina gcuirtear i láthair í agus ina dtacaítear léi i gcomhthéacsanna agus i bhfoirmeacha ealaíne éagsúla.
Ba mhaith leis an gComhairle Ealaíon an plé seo a leathnú anois. Tá doiciméad curtha le chéile ina leagtar síos cúlra an tsaothair seo agus ina bhfuil torthaí/ moltaí an ghrúpa comhairligh. Tá súil againn go nglacfaidh tú an t-am chun an doiciméad a léamh agus bheadh fáilte againn roimh d’fhreagra agus roimh aon aighneachtaí de bhreis is maith leat a dhéanamh ina leith seo. Tá foirm aiseolais curtha ar shuíomh Gréasáin na Comhairle Ealaíon chun é seo a éascú Is é an spriocdháta le haghaidh aighneachtaí ná 7 Meán Fómhair. Seol foirmeacha comhlánaithe chuig Jennifer Lawless ag jennifer.lawless@artscouncil.ie , le bhur dtoil.
←Fill ar ais go dtí an nuacht