Glacfaidh an Chomhairle Ealaíon páirt i gceiliúradh 10 mbliana ar bhainistiú rathúil Create ar Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal dé Máirt, an 27 Samhain. Tá na céadta tionscadal curtha i gcrích ó cheann ceann na tíre faoin gclár i rith na tréimhse sin, agus bhí an iliomad ball den phobal agus de ghrúpaí agus go leor de shár-ealaíontóirí na hÉireann páirteach iontu. Tá imeacht lae eagraithe ag Create idir 9.30 ar maidin agus 4.30 san iarnóin in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann ina nglacfaidh ealaíontóirí agus pobail a fuair maoiniú le deich mbliana anuas páirt i ndíospóireachtaí, i láithreoireachtaí agus i gceiliúradh ginearálta ar na bealaí éagsúla ina dtéann na healaíona comhpháirteacha i ngleic le daoine, ina spreagann siad daoine, agus ina gcuireann siad daoine chun machnaimh. Seolfar cainéal Vimeo nua do Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal ar an lá freisin.
Tar éis an imeachta sin, ag 5.30 i.n., cuirfear Good Works i láthair le John Byrne, ealaíontóir, na ceoltóirí ó The Carlow Choral Society, The Dublin Bach Singers agus a stiúrthóir Blanaid Murphy. Mar chuid den tseirbhís ealaíne sin, cuirfear iomainn nua a scríobh agus a chum Byrne, agus ba í Elaine Agnew a chuir ceol leo. Tionscadal forbartha atá in Good Works atá éascaithe ag Create. Cuireadh i láthair é den chéad uair in Ardeaglais an Chabháin le The Palestrina Choir a fhaigheann tacaíocht ó Cavan Arts agus ón gCiste Idirnáisiúnta d’Éirinn.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach http://www.create-ireland.ie/artist-in-the-community-scheme-news/artist-in-the-community-scheme-10-year-gathering-november-27
←Fill ar ais go dtí an nuacht