Fáilteofar roimh iarratais ó scríbhneoirí Gaeilge aithnidiúla le haghaidh an phoist thuasluaite, atá á chómhaoiniú ag An gComhairle Ealaíon agus ag Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.
Tá an post deartha i dtreo is go gcuirfear deis ar leith ar fáil do scríbhneoir a c(h)leachtas cruthaitheach féin a fhorbairt i dtimpeallacht ollscoile agus an fhaill a thabhairt ag an am céanna do phobal na hOllscoile bheith i dteagmháil le scríbhneoir gníomhach. Thar dhá sheimeastar an tréimhse a bheas i gceist leis an gceapachán agus beidh sé teoranta do scríbhneoirí nach raibh Cónaitheacht Scríbhneora de chuid na Comhairle Ealaíon acu cheana féin. Ar Champas na Naomh Uile, DCU a bheidh an té a cheapfar lonnaithe agus beidh táille €20,000 ag gabháil leis an ról.
Déanfaidh an té a cheapfar suas le sé huaire an chloig teagmhála in aghaidh na seachtaine thar dhá sheimeastar ina gcuirfear ceardlanna ar fáil agus ina nglacfaidh sé/sí páirt i dtograí cruthaitheacha eile i gcomhairle le Ceann Scoile Fiontar & Scoil na Gaeilge. Beidh saoirse ag an Scríbhneoir Cónaithe a c(h)lár saothair féin a chur chun cinn i rith thréimhsí saoire oifigiúla na hOllscoile.
Beifear ag súil go dtabharfaidh an té a cheapfar léachtaí, seimineáir agus ceardlanna ar ghnéithe éagsúla den scríbhneoireacht Ghaeilge chomhaimseartha. Tacóidh sé/sí le scríbhneoirí cruthaitheacha taobh istigh de phobal na hOllscoile, mar aon le léamha poiblí a thabhairt, agus ócáidí cruthaitheacha laistigh agus lasmuigh de phobal na hOllscoile a eagrú.
Cuirfear fáilte roimh iarratais ó scríbhneoirí Gaeilge a chleachtann ceann ar bith de na réimsí seo a leanas: an drámaíocht, an fhilíocht, an ghearrscéalaíocht nó an úrscéalaíocht.
Chun iarratas a dhéanamh ar an bpost, ba chóir litir a réiteach ina leagfar amach na cúiseanna a bhfuil spéis ag an iarratasóir sa ról mar aon leis an gcaoi a bhféadfadh sé/sí cur le saol cruthaitheach na hOllscoile. Ba cheart CV reatha (gan dul thar 6 leathanach) a chur ar fáil freisin. Beidh sraith foilseachán ar ardchaighdeán ag an té a cheapfar.
Cuirtear an litir agus an CV leis an ngnáthphost nó an rphost chuig:
An tOllamh Ciarán Mac Murchaidh
Fiontar & Scoil na Gaeilge
Campas na Naomh Uile, DCU
Droim Conrach, BÁC 9
D09 N920
ciaran.macmurchaidh@dcu.ieSprioc iarratais: 5.00pm, An Aoine 15 Samhain, 2019
(Táthar ag súil go n-eagrófar agallaimh i rith na seachtaine dar tús 25 Samhain.)
←Fill ar ais go dtí an nuacht