Méala mór don Chomhairle Ealaíon é bás an amharc-ealaíontóra agus Shaoi Aosdána, Camille Souter.
Tógadh Camille Souter in Éirinn. Oileadh mar altra í a chéaduair in Ospidéal Guy’s, Londain, agus thug sí faoin bpéintéireacht i lár na 1950idí. Pictiúir bheaga a tharraingíodh sí de ghnáth agus cé go bhfuil cuma na teibíochta orthu, tá siad suite go daingean sa réaltacht agus sa ghnáthshaol. Is iomaí taispeántas a bhí aici ó na 1960idí i leith.
Dúirt Kevin Rafter, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon inniu: “Is cúis mhór bhróin dúinn cloisteáil faoi bhás Camille Souter. Bhí sí ar dhuine de na péintéirí ba sheasmhaí in Éirinn. Saothair theibí eispriseanaíocha a chruthaigh sí i dtús báire sular thiontaigh sí ar shaothair fhíoracha ní b’impriseanaíche. D’fhéach sí leis an áilleacht nádúrtha neamhathraithe a chonaic sí in áiteanna agus i nithe coitianta a léiriú le diongbháilteacht dhaingean ar leith. Ní raibh a cuid pictiúr ‘galánta’ amháin riamh sa chiall traidisiúnta, agus ba é sin mian a croí; tá siad bríomhar agus dúshlánach agus tá ‘maorgacht dhealbhach’, nach bhfuil ag aon duine ach í féin, le sonrú go tréan iontu. Saothar ar leith a chruthaigh Camille ó thaobh ealaín Éireannach de, agus táim deimhin de go spreagfaidh a hoidhreacht ealaíontóirí agus lucht féachana araon sna glúnta amach romhainn.”
Mhaígh Maureen Kennelly, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon agus Cláraitheoir Aosdána: “Tháirg Camille Souter corpas ealaíne iontach le himeacht seachtó bliain a bheag nó a mhór. Ba ar Oileán Acla, an áit a raibh an-ghean aici air, a chruthaigh sí an chuid ba mhó den chorpas úd. Níor mhór go dtuigfí an méid a rinne sí ar son na n-amharc-ealaíon in Éirinn. Rinneadh Saoi Aosdána di sa bhliain 2009 agus an onóir sin tuillte go maith aici agus is mór againn a cuid oibre. “Cásaímid a bás lena teaghlach agus lena cairde ag an am deacair seo.” Cronófar go mór í.”
Is é an suim atá aici i ngnáthrudaí nach bhfuil suntas neamhghnách ag baint leo, agus an nós atá aici a bheith ag péinteáil i sraitheanna, na tréithe a shonraítear ina cuid saothar. I measc na dtéamaí a bhíonn le feiceáil arís agus arís eile tá an eitilt, cuimhní leighis, Cogadh na Murascaille, feoil agus an sorcas. Bhí le sonrú sna pictiúir luatha (a dhéanann foinsí eile seachas an t-ealaíontóir cur síos orthu mar phictiúir theibí) agus sa saothar fíorach ní ba mhacasamhlaí ina dhiaidh sin, an dúil a bhí ag Souter i ngnáthrudaí an lae — na nithe a chonaic sí agus í ag dul tríd an saol.
Reáchtáladh mórthaispeántais iardhearcacha dá cuid saothar i nDánlann Dhubhghlais de hÍde, Baile Átha Cliath, in 1980 agus in Iarsmalann Uladh, Béal Feirste, sa bhliain 2000. Bronnadh gradam Áras Nua-Ealaíne na hÉireann (IMMA), arna urrú ag Glen Dimplex, ar Souter sa bhliain 2000 as an méid a rinne sí ar son na n-amharc-ealaíon in Éirinn. Níos déanaí fós, chruthaigh sí péire priontaí giclée (eagrán teoranta); ceann amháin acu mar chuid den tsraith ‘Eagráin’ (‘Editions’) de chuid IMMA agus an ceann eile óna sraith ‘sorcas’ dar teideal ‘An Seó Déanach’ (‘The Late Night Show’). Bhí Souter ina Ball Oinigh den Acadamh Ibeirneach Ríoga agus ba bhall d’Aosdána í leis. Toghadh ina Saoi ar Aosdána í thiar sa bhliain 2009, nuair a bronnadh siombail oifig an tSaoi, an Torc Óir, uirthi.
←Fill ar ais go dtí an nuacht