Méala mór don Chomhairle Ealaíon
bás an scríbhneora Éireannaigh mór le rá, Edna O’Brien, atá i ndiaidh bás a
fháil agus í 93 bliain d’aois. Rinne a cuid piaraí agus a cuid comhealaíontóirí
Éireannacha í a thoghadh chun Aosdána, agus bronnadh an teideal, Saoi,
uirthi sa bhliain 2015.
Scríbhneoir Éireannach
ceannródaíoch ab ea Edna, a tháinig ar an saol i gContae an Chláir thiar sa
bhliain 1930. Scríobhadh sí faoi Éirinn óna háit chónaithe i Londain; bhí
saoirse cainte aici ansin toisc go raibh sí ar shiúl ó leatrom na hÉireann. Tá
siad seo a leanas i measc na n‑úrscéalta a scríobh sí (cuireadh cosc ar mhórán
acu sna 1960í): The Country Girls (1960), The Lonely Girl (1962),
The Girl with the Green Eyes (1962), Girls in Their Married Bliss
(1963), August is a Wicked Month (1964), Casualties of Peace (1966),
A Pagan Place (1970), Night (1972), The High Road (1988), Time
and Tide (1992), House of Splendid Isolation (1994), Down by the
River (1996) agus Wild Decembers (1999).
Scríbhneoir gearrscéalta, file,
drámadóir, údar cuimhní cinn agus úrscéalaí sárdhíola ab ea Edna O’Brien. Ba
dhuine de na “scríbhneoirí Éireannacha is fearr san fhichiú haois” (Dwight
Garner, The New York Times) í agus ba í “an bhean is cumasaí atá ag
scríobh i mBéarla anois” í (Philip Roth). Bronnadh Gradam PEN na hÉireann ar Edna sa bhliain 2001,
bhronn an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Bonn Ulysses uirthi in 2006,
agus ghnóthaigh sí Gradam PEN/Nabokov — Gaisce sa Litríocht Idirnáisiúnta in 2018.
Dúirt Maura McGrath,
Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon an méid seo a leanas:
“Guth ar leith ab ea Edna O’Brien i saol
litríocht na hÉireann. Maidir lena saothar, The Country Girls, thug sí léiriú
dílis neamheaglach ar mhná na hÉireann le linn tréimhse leatromach inár stair.
Thug a cuid scríbhneoireachta féiniúlacht do ghlúin ban a raibh caidreamh casta
contrártha acu lena bpobail tuaithe féin ar fud na tíre.”
Dúirt Maureen
Kennelly, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon an méid seo a leanas:
“In ainneoin na hagóide agus an uafáis,
d’athraigh scríbhneoireacht Edna litríocht na hÉireann as éadan agus is cuid
dhlúth dár gcultúr anois í. Nuair a smaoinímid ar Edna tagann an
tsolabharthacht, an éirim, an dúshlán agus an tseasmhacht chun cuimhne. Nuair a
fíodh an méid sin lena flaithiúlacht, lena nathaíocht agus lena diabhlaíocht,
bhí scríbhneoir fíorspéisiúil neamhbhalbh tréitheach ann.”
Toghadh Edna O’Brien ina Saoi ar
Aosdána an 15 Meán Fómhair 2015. Bhí Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó
hUigínn, i gceannas ar an searmanas. Bronnadh comhartha oifige an tSaoi, an
Torc Óir, uirthi lena linn.
Fágann sí a beirt mhac ina diaidh — Carlo
Gébler, scríbhneoir agus comhbhall d’Aosdána, agus Sasha Gébler, stiúrthóir
bunaithe agus Cathaoirleach ar Chuideachta Ailtireachta Gébler Tooth.
←Fill ar ais go dtí an nuacht