Tá Léirithe Spéise á lorg ag Cultúr Éireann, i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon, chun ionadaíocht na hÉireann a léiriú ag an 61ú Taispeántas Ealaíne Idirnáisiúnta ag La Biennale di Venezia 2026.
I ndiaidh den cur i láthair rathúil ROMANTIC IRELAND le Eimear Walshe i Biennale i mbliana, tugann Cúltúr Éireann cuireadh do pháirtithe leasmhara tairiscint a chur isteach ar son na hÉireann do Venice i 2026. Tá na sonraí iomlán le fáil anseo. Is é an spriocdháta iontrála ná nóin Máirt an 20ú Lúnasa.
Is é Biennale na Veinéise an seóthaispeántas idirnáisiúnta is tábhachtaí do na healaíona comhaimseartha. Tugann sé deis ar leith d’Éirinn chun amharc-ealaíona comhaimseartha na hÉireann a chur i láthair ar an stáitse dhomhanda. Is ardán suntasach é Biennale na Veinéise d’ealaíontóirí, léiritheoirí agus coimisinéirí na hÉireann chun dul i gcaidreamh le lucht féachana, léiritheoirí agus lucht na ndánlann idirnáisiúnta, chun clú idirnáisiúnta a fháil agus deiseanna nua a chruthú. Bhí os cionn 800,000 cuairteoir i láthair ag an Biennale do na hAmharc-Ealaíona roimhe seo.
Is tionscnamh de chuid Chultúr Éireann i gcomhpháirtíocht leis an gComhairle Ealaíon é ionadaíocht na hÉireann sa Veinéis.
←Fill ar ais go dtí an nuacht