Tá ríméad ar an gComhairle Ealaíon, i gcomhar leis an Roinn Ceoil in UCC, Coláiste na nEalaíon, an Léinn Cheiltigh agus na nEolaíochtaí Sóisialta in UCC (CACSSS), agus leis an Scoil Scannánaíochta, Ceoil agus Amharclannaíochta in UCC, ceapachán Niamh Dunne, amhránaí agus fidléir a bhfuil clú agus cáil uirthi, a fhógairt mar Ealaíontóir Traidisiúnta Cónaithe na Comhairle Ealaíon/ UCC 2024. Cuirfidh Niamh sraith ceolchoirmeacha, ceardlann agus ranganna i láthair i rith a cónaitheachta bliana ar fud champas UCC, ag tosú i mí Eanáir 2024.
Is fidléir agus amhránaí inniúil í Niamh. Fuair a halbam d’amhráin féin-scríofa ‘Tides’ a cuireadh amach in 2022 ardmholadh ó na léirmheastóirí. Tá sí mar bhall den ghrúpa Beoga ag a bhfuil an t-albam ‘How to Tune a Fish’ a cuireadh ar ghearrliosta le haghaidh ainmniúcháin Grammy sa chatagóir ‘Albam Ceoil Domhanda Comhaimseartha is Fearr’. I 2017 chomhoibrigh Beoga le Ed Sheeran ar a albam ‘÷’ agus níos déanaí sa bhliain sin, bhí siad ar an stáitse le Sheeran i rith a léiriú Glastonbury mar cheannlíne.
Is ball seanbhunaithe í Niamh den bhanda Karan Casey agus tá an-taithí aici mar chumadóir, ag déanamh a píosaí agus a hamhrán féin ag an ócáid Proms in the Park le Ceolfhoireann Uladh, agus le Ceolfhoireann cheolchoirme RTÉ sa Cheoláras Náisiúnta.
Is í an Roinn Ceoil in UCC a óstálfaidh Niamh, áit cheannródaíoch maidir le staidéar ar cheol agus damhsa traidisiúnta na hÉireann le céad bliain anuas. Is príomhghné d’fhéiniúlacht na Roinne Ceoil é Ceol Traidisiúnta na hÉireann, agus tá áit shuntasach aige ina churaclaim cheoil, taobh le ceol clasaiceach, popcheol, snagcheol, ceol comhaimseartha, Gamalan Iávach na hIndinéise, agus ceol domhanda eile.
Cuirfidh foireann ealaíontóirí traidisiúnta atá aitheanta ar fud an domhain fáilte ó chroí roimh Niamh, lena n-áirítear Máire Ní Chéilleachair, Connie O’Connell, Conal Ó Gráda, Colm Murphy, Niall Vallely, Karan Casey, Diarmuid Ó Meachair, Mary Mitchell-Ingoldsby agus Jack Talty.
←Fill ar ais go dtí an nuacht