Ar Oíche Chultúir 2022 leanfaidh an Chomhairle Ealaíon ar aghaidh leis an traidisiún a bhíonn aici saothar a cuireadh lena Bailiúchán Fairsing Amharc-Ealaíne le déanaí a chur ar taispeántas. Cuireann an Chomhairle Ealaíon fáilte roimh an bpobal teacht chuig oifigí na Comhairle ag Cearnóg Mhuirfean ar Oíche Chultúir áit a mbeidh siad in ann rogha níos leithne saothar óna Bailiúchán a fheiceáil. Bunaíodh Bailiúchán na Comhairle Ealaíon sa bhliain 1962 agus tá os cionn 1,300 saothar ealaíne nua-aimseartha agus comhaimseartha ann.
Léiríonn na saothair atá ar taispeántas ón mBailiúchán tiomantas na Comhairle Ealaíonsaothair uaillmhianacha den scoth a cheannach a thaispeánann caighdeán iontach chleachtas na n-amharc-ealaíon Éireannach comhaimseartha a bhfuil dlúthbhaint acu le hÉirinn agus a dhéanann ionadaíocht ar Éirinn sa lá atá inniu ann.
I mbliana, tá an-áthas orainn fáilte a chur roimh lucht féachana dul i ngleic leis na saothair seo i dteannta a chéile ag foirgnimh na Comhairle Ealaíon i mBaile Átha Cliath mar chuid d’Oíche Chultúir. Beidh saothair ó roinnt de na healaíontóiríÉireannacha is mó le rá á dtaispeáint ar an oíche, lena n-áirítear saothair a fuarthas le déanaí:
Mar aon leis na saothair ealaíne a bheidh ar taispeántas i gCearnóg Mhuirfean ar an oíche, is féidir saothair ó Bhailiúchán na Comhairle Ealaíon a fheiceáil ar fud na tíre fós mar chuid de thaispeántais agus taispeántais fhadtéarmacha i bhfoirgnimh phoiblí ar nós ospidéal, ollscoileanna agus scoileanna. Mar shampla: Jim Kemmy Remembered- Dánlann Chathair Luimnigh, go dtí an 22ú Eanáir 2023; Bailiúchán de chuid na Comhairle Ealaíon 60 Bliain– Uillinn, Ionad Ealaíon Iarthar Chorcaí. 12ú Samhain - 14ú Nollaig; The Palpable Bump at the Bridge of the Nose: Elizabeth Cope- Ionad Visual, Ceatharlach, 23ú Meán Fómhair – 8ú Eanáir.
Bhailiúcháin. Is í an Chomhairle Ealaíon an ghníomhaireacht náisiúnta atá freagrach as na healaíona in Éirinn a mhaoiniú, a fhorbairt agus a chur chun cinn.
←Fill ar ais go dtí an nuacht