Elizabeth Cope | Last Picnic on London City Island | 2020 | Ola ar chanbhás
Tugann an Chomhairle Ealaíon cuireadh do
bhaill den phobal féachaint ar shaothair nua-fhaighte ó Bhailiúchán na
Comhairle Ealaíon mar chuid d'Oíche Chultúir 2023, Dé hAoine seo an 22 Meán
Fómhair.
Osclófar oifigí na Comhairle Ealaíon ag
70 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, ó 5i.n. – 9i.n. chun rogha saothar a
cuireadh lena Bailiúchán Fairsing Amharc-Ealaíne le déanaí a thaispeáint.
Taispeánann na saothair ar taispeántas
ón mBailiúchán tiomantas na Comhairle Ealaíon chun saothair uaillmhianacha den
scoth a cheannach a thaispeánann an caighdeán iontach de chleachtas na
n-amharcealaíon Éireannach comhaimseartha a bhfuil dlúthbhaint acu le hÉirinn
agus a dhéanann ionadaíocht thar ceann na hÉireann inniu.
Bunaíodh Bailiúchán na Comhairle Ealaíon
in 1962 agus tá beagnach 1,350 saothar d'ealaín nua-aimseartha agus
chomhaimseartha na hÉireann mar chuid dó anois, lena n-áirítear dealbhóireacht,
péintéireacht, taibhiú, cló, físeán, suiteáil, grianghrafadóireacht agus
saothair eile.
Taispeánfar saothair le go leor de
phríomh-ealaíontóirí na hÉireann ar an oíche, lena n-áirítear píosaí le: Elizabeth Cope, Miriam De Búrca, Mollie Douthit, Justin Fitzpatrick, Marie Holohan, Helen Hughes, Catriona Leahy, Jialin Long, Kevin Mooney, Emma Roche, Mark Swords, Amna Walayat and Orla Whelan.
Chomh maith leis an sracfhéachaint sin a
thabhairt ar Bhailiúchán na Comhairle Ealaíon d'Oíche Chultúir, is féidir
saothair ealaíne a fheiceáil i rith na bliana ar fud na tíre mar chuid de
thaispeántais agus d'iasachtaí fadtéarmacha i bhfoirgnimh phoiblí amhail
ospidéil, ollscoileanna agus scoileanna.
Is féidir teacht ar shonraí na
dtaispeántas atá ar siúl faoi láthair agus iad siúd atá le teacht, a bhfuil
saothar de chuid na Comhairle Ealaíon mar chuid dóibh, thíos
Tabhair cuairt ar ár suíomh gréasáin www.artscouncil.ie
le tuilleadh eolais a fháil faoin mBailiúchán agus le breathnú ar
shaothair eile ar líne.
←Fill ar ais go dtí an nuacht