- Cur chuige nua ar mhaoiniú
- Na catagóirí maoinithe
- Plean Infheistíochta 2018
- Cathain a bheidh an maoiniú seo ar fáil?
Cur chuige nua ar mhaoiniú
Tá cur chuige nua ar mhaoiniú ag an gComhairle Ealaíon ar a dtugaimid Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh: Creat Maoinithe. Tá an creat seo bunaithe ar ár straitéis deich mbliana, Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh (2016–2025). Príomhthiomantas dár bplean Trí Bliana 2017–2019 athbhreithniú a dhéanamh ar ár gcláir maoinithe, scéimeanna agus tionscnaimh chunna tosaíochtaí in Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh a chur i bhfeidhm ina n-iomláine. Bhí an t-athbhreithniú seo beartaithe na nithe seo a leanas a dhéanamh:
- cabhrú linn smaoineamh ar an tslí a ndéanaimid infheistiú san ealaíon agus i gcleachtas na healaíne ar bhealach níos éifeachtaí,
- príomhshruthú a dhéanamh ar na tacaíochtaí atá ar fáil d’ealaíontóirí agus d’eagraíochtaí ealaíon, agus
- ár bpróisis iarratais, measúnaithe agus cinnteoireachta a shimpliú agus a shoiléiriú.
Is é Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh: Creat Maoinithe (PDF, 0.646 MB) toradh an athbhreithnithe seo.
Na catagóirí maoinithe

Plean Infheistíochta 2018
I Mí na Samhna 2017, foilseoimid plean infheistíochta le haghaidh 2018. Mar chuid dár bpróiseas pleanála infheistíochta le haghaidh 2018 cinnfimid na suimeanna i ngach catagóir maoinithe. Bunófar an cinneadh ar na tosaíochtaí straitéiseacha foriomlána a chinnfimid is cuí chun ár spriocanna abhaint amach.
Cathain a bheidh an maoiniú seo ar fáil?
Beidh fáil ar threoirdhoiciméid maidir le gach catagóir píosa maith roimh anspriocdháta iarratais.
Maoiniú straitéiseach 2018 |
Spriocdháta: 7 Meán Fómhair 2017 |
Maoiniú comhpháirtíochta 2018 |
Spriocdháta: 7 Meán Fómhair 2017 |
Maoiniú tionscadal agus clár |
Spriocdháta: 8 Feabhra 2018 |
Tacaíochtaí d’Ealaíontóirí |
Go luath in 2018; |
Maoiniú forbartha |
Leanúnach |