Tá conradh spreagúil lánaimseartha, téarma seasta 2 bhliain againn faoi láthair ag Grád an Ardoifigigh Fheidhmiúcháin (HEO) do Ceann na nEalaíon do Leanaí agus Daoine Óga.
Forbhreathnú ar an Roinn agus ar Ról:
Is deis spreagúil atá le fáil sa phost seo le rannchuidiú i mbainistíocht ceann amháin d’Fhoirne Ealaíon na Comhairle. Go sonrach, mar chuid den ról seo cuirfear chun feidhme beartas agus plean na Comhairle Ealaíon maidir leis na healaíona do leanaí agus daoine óga, agus tacófar le bainistiú scéimeanna maoinithe i réimse na n-ealaíon do leanaí agus daoine óga. Tá an fhoireann freagrach as ceapadh beartais, tionscnaimh forbartha, bainisteoireacht maoinithe agus comhghaoil.
Beidh sealbhóir an phoist seo freagrach don Stiúrthóir Ealaíon agus beidh sé i gcomhpháirtíocht leis an mbainisteoir tacaíochta ina fhreagrachtaí éagsúla, i mbainistíocht na foirne, ina réimsí oibre comhaontaithe, agus oibreoidh sé le baill foirne eile chun tionscadail thraseagraíochtúla chomhaontaithe a chur chun feidhme d’fhonn cuspóirí na straitéise deich mbliana Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh a bhaint amach.
Is é an spriocdháta a ghlacfar le hiarratais ná 12 meán lae, Dé Luain 13 Eanáir 2025.
Tá eolas breise le fáil sa dá dhoiciméad thíos:
Tá an Chomhairle Ealaíon tiomanta do bheartas comhdheiseanna agus spreagaimid iarratais ó gach cuid den phobal faoi na deich bhforas uile a leagtar amach inár mBeartas um Comhionannas, Cearta an Duine agus Éagsúlacht (chun tuilleadh faisnéise a fháil, gabh chuig: Comhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsitheacht | The Arts Council | An Chomhairle Ealaíon)