Faoi láthair tá conradh buan spreagúil lánaimseartha againn ag Grád Ardoifigeach Feidhmiúcháin (HEO) do Bainisteoir TF - Cibearshlándáil.
Forbhreathnú ar an Roinn agus ar Ról:
Leagtar an-bhéim sa ról seo ar an dea-chleachtas ó thaobh slándáil faisnéise de, lena n-áirítear úsáid a bhaint as uirlisí cuí um brath bagairtí agus cinnte a dhéanamh de go ndéantar acmhainní sonraí na Comhairle Ealaíon a chosaint i gcónaí, teicnící cuí um chúltaca agus aischur sonraí san áireamh.
Beifear freagrach sa ról as seirbhísí a chur ar fáil trí eastát bonneagair na Comhairle Ealaíon, amhail an Líonra Achair Logánta, ródú, balla dóiteáin, seirbhísí teileafónaíochta agus teileachomhdhála agus seirbhísí ríomhaireachta deisce.
Is é an spriocdháta a ghlacfar le hiarratais ná 12.00 meán lae, Dé Máirt, 29 Deireadh Fómhair 2024.
Tá eolas breise le fáil sa dá dhoiciméad thíos:
Tá an Chomhairle Ealaíon tiomanta do bheartas comhdheiseanna agus spreagaimid iarratais ó gach cuid den phobal faoi na deich bhforas uile a leagtar amach inár mBeartas um Comhionannas, Cearta an Duine agus Éagsúlacht (chun tuilleadh faisnéise a fháil, gabh chuig: Comhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsitheacht | The Arts Council | An Chomhairle Ealaíon)