Faoi láthair tá conradh buan spreagúil lánaimseartha againn ag Grád Ardoifigeach Feidhmiúcháin (HEO) do Bhainisteoir na Scoileanna Ildánacha.
Is ról lánaimseartha é post an Bhainisteora Scoileanna Ildánacha agus tuairisceoidh sé do Stiúrthóir Chlár na Scoileanna Ildánacha. Is cuid lárnach de Roinn na Scoileanna Ildánacha an ról.
Forbhreathnú ar an Roinn agus ar Ról:
Cuireadh tús le Scoileanna Ildánacha/Creative Schools in 2018 faoi stiúir na Comhairle Ealaíon i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Oideachais, Éire Ildánach agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Tá an tionscnamh bunaithe freisin ar straitéis deich mbliana na Comhairle Ealaíon (2016–25) Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh: Forbairt na nEalaíon in Éirinn a Threorú.
Tacaíonn Scoileanna Ildánacha le scoileanna/ionaid chun na healaíona agus an chruthaitheacht a chur i gcroílár shaol leanaí agus daoine óga. Cuireann an tionscnamh seo deiseanna ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga a gcuid scileanna ealaíne agus cruthaitheacha a fhorbairt; cumarsáid a dhéanamh, comhoibriú, a samhlaíocht a spreagadh, a bheith airgtheach, agus leas a bhaint as a bhfiosracht. Tugann sé cumhacht do leanaí agus do dhaoine óga na healaíona agus gníomhaíocht chruthaitheach a fhorbairt, a chur i bhfeidhm agus a mheas ar fud a scoileanna/ionaid agus bealaí breise oibre a spreagadh a neartaíonn tionchar na cruthaitheachta ar fhoghlaim, ar fhorbairt agus ar fholláine leanaí agus daoine óga. Go dtí seo, chuaigh níos mó ná 1000 scoil ar fud na hÉireann i dteagmháil leis an gclár.
Is é an spriocdháta a ghlacfar le hiarratais ná 12.00 meán lae, Dé hAoine 30ú lá de Lúnasa.
Tá eolas breise le fáil sa dá dhoiciméad thíos:
Tá an Chomhairle Ealaíon tiomanta do bheartas comhdheiseanna agus spreagaimid iarratais ó gach cuid den phobal faoi na deich bhforas uile a leagtar amach inár mBeartas um Comhionannas, Cearta an Duine agus Éagsúlacht (chun tuilleadh faisnéise a fháil, gabh chuig: http://www.artscouncil.ie/ga/Maidir/Comhionannas,-Cearta-an-Duine-agus-eagsulacht/)