Arna feidhmiú ag Create, an ghníomhaireacht forbartha i gcomhair na n-ealaíon comhpháirteach. Déanann an Chomhairle Ealaíon cómhaoiniú ar an scéim seo ach is Create a riarann í. Tabhair faoi ndeara go bhféadfadh coinníollacha agus critéir eile a bheith ag baint leis an dámhachtain seo seachas na cinn a bhaineann le dámhachtana atá á riaradh go díreach ag an gComhairle Ealaíon. Ba chóir iarratais ar eolas nó foirmeacha iarratais a sheoladh go díreach chuig Create.
Cur síos
Dhá uair in aghaidh na bliana, cuireann an Chomhairle Ealaíon deontais ar fáil ionas go mbeidh ealaíontóirí agus pobail áite/spéise in ann dul i mbun oibre le chéile ar thionscadail. Tá an scéim á bainistiú ag Create, an ghníomhaireacht forbartha náisiúnta um ealaíona comhoibríocha.
Ní mór d’iarrthóirí a bheith ag obair mar ealaíontóirí i gceann ar bith de na foirmeacha ealaíne seo a leanas: ailtireacht, sorcas, sráidealaíon agus seónna, damhsa/rince, scannán, litríocht (i nGaeilge nó i mBéarla), ceol, ceoldrámaíocht, téatar, na hamharcealaíona agus ealaíona traidisiúnta. Is féidir na tionscadail a reáchtáil i réimse leathan comhthéacsanna sóisialta agus pobail, e.g. na healaíona agus an tsláinte; na healaíona i bpríosúin; na healaíona agus daoine scothaosta; na healaíona agus an éagsúlacht chultúrtha.
Tá dhá chéim sa scéim seo:
Céim a hAon: Taighde agus Forbairt, oscailte d’ealaíontóirí ar mian leo taighde agus forbairt a dhéanamh ar thionscadal i gcomhthéacs pobail.
Taighde agus Forbairt/Meantóireacht – oscailte d’ealaíontóirí ar mian leo tionscadal a fhorbairt a bheidh bunaithe sa phobal agus a bhfuil meantóir is ealaíontóir aitheanta acu lena dteastaíonn uathu oibriú le linn na céime taighde agus forbartha.
Céim a Dó: Tionscadal a Chur i gCrích, oscailte do phobail spéise nó áite (nó a gcuid eagraíochtaí ionadaíocha) lena mbaineann ealaíontóir.
Sonraí teagmhála
Tabhair cuairt ar rannán Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal ag www.create-ireland.ie chun tuilleadh sonraí a fháil;
Chun faisnéis a fháil faoin Scéim agus faoin gcaoi le hiarratas a dhéanamh, déan teagmháil support@create-ireland.ie nó glaoigh ar 01 473 66 00.