Tá sé mar aidhm ag an bhféile taibhithe ardchaighdeáin de cheol barócach a chur i láthair i gcomhthéacs cairdiúil agus neamhfhoirmiúil. Bíonn meascán taibheoirí ann i gcónaí, cuid acu a bhfuil cáil idirnáisiúnta orthu, cuid eile atá ag céim luath dá ngairmeacha beatha. Bhí sé mar aidhm ag an bhféile i gcónaí forbairt taibheoirí óga a chothú. Reáchtálann coiste deonach a bhfuil Nicola Cleary ina Stiúrthóir Ealaíne air Féile Ceoil Bharócaigh Shligigh.
Cén tionchar a bhí ag géarchéim sláinte Covid-19 ar d’fhéile?
Ba í an cheist mhór a bhí le freagairt ag an gcoiste go luath i mí an Mhárta an mbeadh an Fhéile in ann 25 bliain ar an bhfód a cheiliúradh ag an ngnáth-am go déanach i mí Mheán Fómhair, nó ar chor ar bith i mbliana? Nó an bhfágfadh Covid-19 go mbeadh sé dodhéanta? Rinneadh go leor oibre ar na pleananna le haghaidh chlár 2020 cheana faoi mhí an Mhárta, nuair a b’éigean iad a chur ar fionraí, agus an tír ag dul i ngleic leis an bpaindéim. De réir mar a chuaigh an bhliain ar aghaidh agus tháinig an samhradh, ní raibh an scéal pioc ní ba shoiléire, ach bhíomar meáite air go dtarlódh rud éigin – ní raibh a fhios againn go díreach cad a bheadh ann – laistigh de theorainneacha an mhéid a bhí ceadaithe agus an mhéid a bheadh indéanta i ndálaí Covid ionas nach dtiocfadh deireadh le 2020 gan cineál éigin d’ócáid bheo bharócach a bheith againn i Sligeach.
Faoi Lúnasa, gan aon rud eagraithe fós, bhí na féidearthachtaí agus na srianta ní ba chinnte. D’fhéadfadh ionaid chultúir imeachtaí a óstáil anois agus uasmhéid 50 duine a chur faoi aon díon amháin dá mbeadh dian-treoir maidir le scaradh sóisialta agus sláinteachas ann. Bhraitheamar go mbeifí in ann féile mhodhnaithe a phleanáil laistigh de na teorainneacha sin, cé go gcaithfí roinnt gnéithe tábhachtacha a fhágáil ar lár – na máistir-ranganna, for-rochtain scoileanna, an cheolchoirm déanach san oíche, an ócáid oscailte. Cé gur cuireadh ealaíontóirí idirnáisiúnta as an áireamh, mar gheall ar shrianta taistil agus coraintín, bhí fonn ar cheoltóirí áitiúla agus náisiúnta oighear an reo mhóir cultúir a bhriseadh. Lean an Chomhairle Ealaíon agus maoinitheoirí agus urraitheoirí flaithiúla eile de thacaíocht a chur ar fáil, agus bhí siad foighneach agus solúbtha maidir leis an méid a d’fhéadfaí a dhéanamh agus cúrsaí mar atá.
Ba é an dúshlán a bhí ann ansin ionad a aimsiú a d’fhéadfadh freastal ar lucht féachana agus an scaradh sóisialta i bhfeidhm. Bhí eaglaisí toilteanach, ach ní raibh siad ar fáil ach i lár na seachtaine, mar chuir seirbhísí an Domhnaigh imeachtaí eile sa chúpla lá roimh na seirbhísí agus ina ndiaidh as an áireamh. D'éirigh le hAmharclann Hawk's Well, ina bhfuil halla éisteachta 340 suíochán, roinnt imeachtaí a bhí iomlán comhlíontach a eagrú go luath i mí Mheán Fómhair, agus d'aontaigh siad an Fhéile Bharócach a óstáil ag deireadh na míosa.
Rinneadh áirithintí sealadacha leis na taibheoirí. Reáchtálfaí féile ní ba lú de cheithre cheolchoirm, seachas na seacht nó ocht gcinn a reáchtálfaí de gnách, agus bheadh an t-uasmhéid de 40 duine sa lucht féachana, mar aon leis na ceoltóirí agus foireann amharclainne laistigh den teorainn 50 duine in aghaidh na hócáide. Bheadh gach ceolchoirm ar siúl ar feadh thart ar uair an chloig, ionas nach mbeadh aon eatramh ag teastáil. Chaithfí na ticéid a chur in áirithe roimh ré, ach roimhe seo díoladh an chuid is mó díobh ar an doras, agus ní fhéadfaí pasanna deireadh seachtaine lena ligfí isteach duine chuig gach ceolchoirm a thairiscint, toisc go gcaithfí gach suíochán a leithdháileadh chun scaradh sóisialta a chinntiú. Chaithfeadh an lucht féachana maisc a chaitheamh agus iad istigh san amharclann. Cuireadh an clár i gcló, agus ina theannta sin, eagraíodh ceiliúradh gairid saor in aisce chun 25 bliain ar an bhfód a chomóradh taobh amuigh de Halla na Cathrach i Sligeach ag a dtabharfadh an Méara aitheasc agus ag a mbeadh Ceolfhoireann Bharócach na hÉireann ag seinm roghnúcháin óna gceolchoirm tráthnóna.
Bhí sceitimíní orainn agus bhíomar ag súil go mór leis agus dátaí na féile ag druidim linn, ach ag an nóiméad deireanach, tháinig amhras tromchúiseach chun cinn, de réir mar a chuaigh líon cásanna Covid i méid ar fud na tíre. Tháinig rialacha nua isteach, agus cuireadh Baile Átha Cliath agus Dún na nGall go Leibhéal 3. An bhféadfadh Ceolfhoireann Bharócach na hÉireann taisteal ó Bhaile Átha Cliath chun a bheith rannpháirteach san fhéile? An mbeadh muinín ag na daoine a chuir ticéid in áirithe anois chun teacht amach? Ach bhí go maith, agus ní raibh go holc. Toisc go raibh Ceolfhoireann Bharócach na hÉireann ag taisteal chun críocha oibre, d’fhéadfaidís dul go Sligeach, agus tháinig an lucht leanúna dílis a mhothaigh an ceol beo go mór uathu, amach agus meangadh gáire orthu taobh thiar dá maisc. Ba mhór an t-áthas a bhí le brath ag an bhféile – an chéad fhéile ceoil bheo in Éirinn ó mhí an Mhárta b’fhéidir. Bhí foireann Amharclann Hawk's Well thar a bheith éifeachtach, d’éirigh go maith leis na socruithe, agus bhraith an lucht féachana agus na ceoltóirí araon sábháilte chun taitneamh a bhaint as an gceol.
An raibh ról mór ag ábhar digiteach i d’fhéile roimh an ngéarchéim seo?
Roimhe seo, chuireamar roinnt físeáin phoiblíochta de phíosaí ó cheolchoirmeacha na féile suas ar an suíomh gréasáin agus ar na meáin shóisialta. Chonaiceamar féile na bliana seo go príomha mar dheis chun ceol beo a chur i láthair do lucht féachana beo – fiú dá mbeadh an lucht féachana níos lú ná mar a bheadh de ghnáth. Is é croí-lár féilte ceol beo a chur i láthair lucht féachana beo. Ar ndóigh ní mór dúinn breathnú ar chúrsaí digiteacha freisin, agus rinneamar machnamh ar shruthú a dhéanamh, ach ní raibh go leor ama ann chun é a eagrú sa tréimhse ghairid a bhí againn idir an t-ionad a dhearbhú agus dáta na féile. Ní hé an teicneolaíocht amháin atá i gceist ach socruithe leis na taibheoirí maidir le toiliú agus cóipcheart. Beimid ag oibriú air sin le haghaidh 2021. Ní bheadh fonn orainn ceolchoirmeacha beo a shruthú nach raibh lucht féachana i láthair acu – tá áit ann do chraoltaí den sórt sin, ach ní féile a bhíonn i gceist leo.
Beag beann ar na srianta a bheidh i bhfeidhm, an dóigh leat go mbeidh tionchar ag do chlár in 2020 ar a gclár a phleanálfaidh tú do 2021?
Beidh orainn pleanáil ar bhoinn tuisceana cosúil lena raibh againn i mbliana – go mbeidh an leibhéal Covid íseal go leor i mí Mheán Fómhair seo chugainn chun clár a thairiscint a mbeidh an scóip chéanna aige ar a laghad, agus níos mó le cúnamh Dé – ach a bheith réidh le hoiriúnú go gasta má athraíonn an scéal.
I do thuairim, céard é a rud is mó a d’fhoghlaim tú ó eagrán 2020 den fhéile?
Tá sé ríthábhachtach go mbeadh ionad inniúil comhpháirtíochta agat chun aire a thabhairt do na socruithe sábháilteachta poiblí. Chomh maith leis sin, ní mór an phoiblíocht a chur in oiriúint – i mbliana ní dhearnadh an méid céanna poiblíochta, mar gheall ar an líon laghdaithe ticéad a bhí ar fáil. Níor tógadh gach ticéad – b’fhéidir nach ndearnadh go leor fógraíochta, nó go raibh drogall ar dhaoine taisteal, nó go raibh amhras ar dhaoine toisc gurb í an chéad fhéile cheoil a bhí ar siúl tar éis sé mhí de Covid. B’fhéidir an bhliain seo chugainn gur cheart tagairt a dhéanamh sna fógraí don taobh sábháilteachta chomh maith leis an gceol.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin bhféile, féach www.sligobaroquefestival.com