Cuireadh tús le Féile Junction Chluain Meala beagnach 20 bliain ó shin mar cheiliúradh ar amharclannaíocht ar camchuairt agus ar cheol beo. Le himeacht na mblianta, d’fhás sé go féile ealaíon seachtaine ina roinneann taispeántais náisiúnta agus idirnáisiúnta ardán le cuid den tallann áitiúil is fearr. Chuaigh féile 2020 ar aghaidh ar bhealach athmhúnlaithe athshamhlaithe.
Leis an téama 2020: Físithe, rinne an fhéile breis agus 50 imeacht digiteach a chruthú agus a choimisiúnú ón 4–12 Iúil i gcomhair chainéal na féile, mar aon le sraith suiteáin amharc-ealaíon sa bhaile féin.
Cén tionchar a bhí ag géarchéim sláinte Covid-19 ar d’fhéile?
Baineann féile leis an bpobal: déantar taithí mhothúchánach, shíceolaíoch agus fhisiceach de bheith le chéile a chomhroinnt leis. Bhí Junction feasach i gcónaí ar an gcaoi a dtagann an clár ealaíon le chéile leis an lucht féachana ón mbaile, le cuairteoirí agus leis an bpobal ealaíon áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta, agus suim i gcónaí againn ann.
Bhí an teacht le chéile sin dodhéanta i mbliana. Briseadh an fhéile a bhí beartaithe as a chéile, ar aon dul le gach féile eile. Ghlac an fhéile athshamhlaithe cuid mhaith de ghnéithe na bunfhéile, ach le bearna idir í agus an lucht féachana agus, uaireanta, na healaíontóirí. D’ainneoin na ndúshlán sin, bhí leibhéal áirithe saoirse ann freisin. D’fhreagair ealaíontóirí agus foirne léirithe na ceisteanna “Cad is féidir linn a dhéanamh? Cad ba mhaith linn a dhéanamh?” go samhlaíoch.
Cén bunús a bhí leis an gcinneadh a rinne tú le saothair chruthaitheacha a chur i láthair trí mheáin dhigiteacha?
Fiú roimh an dianghlasáil, rinneamar plé le cuid dár n-ealaíontóirí idirnáisiúnta, ar nós Adrian Jackson i Londain agus Cleary Connolly i bPáras, faoi shaothair a roinnt ó chian toisc go raibh a fhios againn, fiú go luath i mí an Mhárta, go mbeadh tionchar ar an taisteal idirnáisiúnta. Nuair a nochtadh méid na géarchéime a bhí ag teacht dúinn, chuaigh mé chuig mo bhileog oibre iontaofa leadránach Excel, leag mé an plean a bhí ann roimhe sin ar leataobh agus thosaigh mé ó bhonn. Cad atá againn, cad atá uainn, an bhfuil aon rud fágtha? Bhí go leor glaonna teileafóin, iontas agus briseadh croí ann. Níor rith sé linn go dtí mí tar éis na féile cé chomh dian is a bhí an tréimhse idir Márta agus Iúil orainn go léir. Tá mé chomh bródúil as an bhfoireann as a gcruthaitheacht agus as an stuaim a léirigh siad nuair a bhí gá leis, agus tá mé chomh buíoch den Bhord as a chuid tacaíochta.
Plean B a bhí sa phlean digiteach ar dtús. Theastaigh uainn roinnt imeachtaí ionadchoinneálaí a chur i láthair go digiteach i mí Iúil, ag an am a bhí beartaithe, agus imeachtaí beo a léiriú san fhómhar. B’ábhar imní í déine na dianghlasála agus an éiginnteacht faoi shaincheisteanna sábháilteachta, áfach, i dtaobh cé chomh loighciúil is a bhí sé imeachtaí beo a reáchtáil ní ba dhéanaí sa bhliain. Bheartaíomar a mhéid ab fhéidir ón gclár bunaidh a dhéanamh go digiteach agus ár gcuid gníomhaíochtaí ar fad a phleanáil le tarlú le linn ghnáth-thréimhse na féile.
Cén ról a bhí ag ábhar digiteach i d’fhéile roimh an ngéarchéim seo?
Roimh 2020, níor cruthaíodh ábhar digiteach ach amháin chun críocha PR nó margaíochta. Bhí cuar géar foghlama againn, ach bhí spraoi agus triail le brath sa mhéid a rinneamar leis an ábhar digiteach go cinnte. An bhfuil tú in ann file a scannánú ar bhád rámhaíochta ag taisteal síos abhainn na Siúire i gcomhair imeacht na teanga labhartha? Tá, cinnte. Seans gur cheart dúinn ‘níl’ a rá ní ba mhinice.
Cén saghas ábhar digiteach a chuir sibh i láthair le haghaidh 2020?
Tharla beagnach gach gné den chlár bunaidh ar shlí éigin. Tagraíodh do cheann amháin as an dá léiriú a bhí beartaithe againn, ‘Overlook – A Military Story’, le trí mhonalóg ón gcliar agus le clár faisnéise, a ndearna an stiúrthóir Jack Reardon tráchtaireacht air, ina bpléitear an dearadh agus an obair cheaptha a bhí déanta go dtí luath i mí Aibreáin nuair a cuireadh an seó ar ceal. Ba é an léiriú de ‘Overlook – A Military Story’ a bhí beartaithe an chéad uair le cuid mhaith blianta a raibh an fhéile chun bunsaothar a léiriú.
Tháinig athrú as cuimse ar rudaí áirithe – rinne Trish McAdam físeán ceoil ealaíne in ionad taibhiú ceolchoirme de shleachta ó cheoldráma leictreach iGirl le Roddy Doyle le leabhróg le Marina Carr; bhí sraith an-spéisiúil de léachtaí laethúla ar ghnéithe an tsolais in áit shuiteáin agus ghríosaithe The School of Looking; bhog an Visionaries Symposium, arna chur i láthair ag Sean Rocks, ar líne agus rinne an láithreoir agus an triúr ealaíontóirí cumarsáid tríd an ríomhaire lena linn. Rinneadh an-chuid tástála ar threalamh, seoladh an-chuid fón agus ceamaraí gréasáin le cúiréir, agus theastaigh an-chuid foighne ón bhfoireann theicniúil.
Cad iad na buntáistí/míbhuntáistí a bhaineann le saothair a chur i láthair sa chaoi seo?
Tá sé deacair a bheith ar an ardán gan lucht féachana. Tá an lucht féachana lárnach don saothar, go háirithe don cheol agus don amharclannaíocht. Bhaineamar triail as réitigh dhifriúla air sin – ceolchoirmeacha beo a chur i láthair agus an lucht éisteachta ag cur nótaí tráchta ar na meáin shóisialta go beo; scáileáin do thaibheoirí ionas go mbeidís in ann a lucht féachana ‘a fheiceáil’. Tá bealach fada romhainn maidir leis an bhfadhb sin a réiteach ar bhealach sásúil.
Leis na hamharc-ealaíona agus le litríocht tá sé níos éasca b’fhéidir, cé go bhfuil sé níos éasca scaoileadh le saothar a chuirtear i láthair go digiteach ná mar atá sé le saothar a fheiceann tú i spás fisiceach. Ní bhíonn mórán idirghníomhaíochta leis an lucht féachana uaireanta.
Buntáiste amháin a bhaineann leis an gcur i láthair digiteach ná an áisiúlacht thíreolaíoch – d’fhéach duine éigin sa Chasacstáin ar chuid mhaith den chlár!
Cén ról a bheidh ag saothair dhigiteacha i d’fhéile amach anseo i do thuairim féin?
Is léir go mbeidh srianta COVID fós i bhfeidhm in 2021. Bheadh sé místuama an clár a phleanáil gan súil a choinneáil ar líon an luchta féachana, ar an ionad, agus ar Phlean B buan i gcomhair aon imeacht beo. Ceapaim go mbeadh sé indéanta meascán d’imeachtaí atá go hiomlán beo, measctha agus go hiomlán digiteach a chur i láthair, agus is féidir linn a bheith níos cruthaithí agus an t-am agus an taithí bhreise againn.
Tá deiseanna comhpháirtíochta ann freisin. Táimid ag labhairt le heagraíochtaí i gcodanna éagsúla den tír agus thar lear faoi imeachtaí a roinnt, agus faoi imeachtaí nasctha a chruthú. Tá saincheisteanna rochtana ann, áfach – ní fhaca duine dár bpátrúin is tiomanta mórán den fhéile toisc go bhfuil droch-leathanbhanda ina ceantar tuaithe.
Tá an t-am againn chun triail a bhaint as rudaí difriúla anois agus an méid a theastaíonn uainn a dhéanamh an bhliain seo chugainn a athmheasúnú le go bhfreastalóidh sé ar na healaíontóirí agus ar na lucht féachana ar an gcaoi is fearr.
Website: www.junctionfestival.com
Facebook: @clonmelartsfestival
Twitter: @clonmeljunction
Instagram: @clonmeljunctionfestival