D’fháiltigh an Chomhairle Ealaíon inniu roimh fhógra an Rialtais, faoi mhaoiniú €130 milliún i gcomhair 2022, a chaomhnaíonn leibhéal méadaithe stairiúil na bliana seo caite.
Dúirt an ghníomhaireacht rialtais um maoiniú agus fhorbairt na n-ealaíon go n-úsáidfear an infheistiú chun tacú le healaíontóirí agus le heagraíochtaí ealaíon le héirí amach as Covid-19, agus go gcinnteoidh sé gur féidir le daoine ar fud na tíre leanúint ar aghaidh ag glacadh páirte sna healaíona in 2022 agus ina dhiaidh.
Dúirt Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, an tOllamh Kevin Rafter:
“Is comhartha soiléir é fógra an lae inniu go bhfuil ealaíontóirí agus eagraíochtaí ealaíon lárnach i bplean téarnaimh náisiúnta an rialtais seo. Tá dúshláin ollmhóra feicthe ag an earnáil de bharr na géarchéime Covid-19 ach cabhróidh an leithdháileadh €130m sa bhuiséad leis an gComhairle Ealaíon poist agus slite beatha a chosaint, mar aon le cabhrú le heagraíochtaí ealaíon tábhachtacha atá thíos le deacrachtaí airgeadais agus iad fós ag plé leis an ngéarchéim in 2022. Agus 70 bliain ó bhunú na Comhairle Ealaíon ag teannadh linn, tá an ghníomhaireacht beartaithe chun tacú le agus forbairt a dhéanamh ar acmhainn chohórt iontach ealaíontóirí, oibrithe ealaíon agus eagraíochtaí ealaíon na hÉireann.’’
Dúirt Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon, Maureen Kennelly:
“Tá teacht aniar, samhlaíocht agus comhbhá den scoth léirithe ag daoine a bhí ag obair sna healaíona le linn na paindéime. Tá an filleadh ar obair a chur i láthair go poiblí ag teacht de réir a chéile agus go cúramach agus is ríthábhachtach go gcosnaímid an earnáil de réir mar a éiríonn sí amach. Leis an infheistiú méadaithe seo, is féidir saothar d’ardchaighdeán a dhéanamh agus an pobal a shroicheadh. Cabhróidh sé linn chomh maith a chinntiú go mbeidh an deis ag daoine ó gach cineál cúlra i ngach cuid den tír a bheith rannpháirteach sna healaíona agus taithí a fháil orthu.”
Leanfaidh an Chomhairle Ealaíon ag obair go dlúth leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, agus leis an Aire Catherine Martin chun a chinntiú go mbeidh na healaíona lárnach ar aistear na hÉireann i ndiaidh phaindéim Covid.
←Fill ar ais go dtí an nuacht