Tá áthas ar an gComhairle Ealaíon agus ar an gCeoláras Náisiúnta, buaiteoir Dhámhachtain Liam O’Flynn, 2021, a fhógairt – an ceoltóir agus an léiritheoir Jack Talty.
Is é Jack an tríú duine a mbronnfar an dámhachtain air. Ba iad na healaíontóirí aitheanta, Barry Kerr agus Úna Monaghan, a ghnóthaigh an dámhachtain roimhe.
Seinnteoir traidisiúnta consairtín agus pianó as Lios Uí Chathasaigh, in iarthar an Chláir, a bhfuil cáil idirnáisiúnta air, is ea Jack. Is céimí BA agus BMus as Coláiste na hOllscoile, Corcaigh é Jack, áit ar bronnadh Gradam Cuimhneacháin Sheáin Uí Riada, Gradam Cuimhneacháín Mary V. Hart agus Gradam Guild Bene Merente Chumainn UCC air. Tá taithí ag Jack mar thaibheoir agus tá camchuairteanna tugtha aige ar fud na hÉireann, na hEorpa, SAM, na hAstráile agus na hÁise, agus chuir sé le níos mó ná 70 albam a eisíodh go tráchtála mar thaibheoir, léiritheoir, cumadóir, cóiritheoir, agus innealtóir fuaime.
Tá Jack ina stiúrthóir ealaíne ar lipéad ceol traidisiúnta na hÉireann, Raelach Records, a bhunaigh sé in 2011. Bhí sé mar chomhbhunaitheoir freisin agus tá sé ina chomhstiúrthóir ar Ensemble Ériú a bhfuil gradaim bainte amach aige. Bíonn Jack ar stáitse go rialta mar cheoltóir aonair, agus mar dhuine de bheirt leis an seinnteoir consairtín eile, Cormac Begley, agus ó 2013, bhí sé mar phríomhsheinnteoir consairtín agus ceann rannóige le Ceolfhoireann Cuimhne na hÉireann de chuid Dave Flynn.
Chuir Jack a PhD i gcrích i nDámh Chruinne Éireann, Ollscoil Luimnigh, le déanaí agus fiosraíodh ina thaighde, ar thacaigh Gradam Scoláireacht Iarchéime Rialtas na hÉireann ón gComhairle um Thaighde in Éirinn leis, institiúidiú oideolaíocht cheol traidisiúnta na hÉireann in ardoideachas na hÉireann. Is Léachtóir le Ceol Traidisiúnta na hÉireann sa Scoil Scannánaíochta, Ceoil agus Amharclannaíochta, Coláiste na hOllscoile Corcaigh, é Jack faoi láthair.
Déantar ceiliúradh leis an Dámhachtain Liam O’ Flynn ar ról an ealaíontóra chruthaithigh thraidisiúnta aonair maidir le saothar nua a chruthú, comhshaothar agus nuálaíocht a chur chun cinn agus na healaíona traidisiúnta a sheachadadh ionas go mbeidh an chéad ghlúin eile in ann taitneamh a bhaint astu agus iad a chleachtadh.
Is é aidhm Dhámhachtain Liam O’Flynn tréimhse machnaimh, inspreagtha agus cruthaithe a chur ar fáil d’ealaíontóir traidisiúnta ar mhaithe leis an ealaín agus é/í ina (h)ealaíontóir cónaitheach sa Cheoláras Náisiúnta agus chun tuiscint agus eolas ar na healaíona traidisiúnta agus an taitneamh a bhaintear as na healaíona traidisiúnta a mhéadú.
Cuirfear deiseanna den chéad scoth a rachaidh i bhfeidhm ar shaol gairmiúil an duine ar fáil don té a gheobhaidh Dámhachtain Liam O’Flynn, áirítear leis na deiseanna seo seans le comhoibriú a dhéanamh le réimse leathan ealaíontóirí i dtimpeallacht thacúil phroifisiúnta, áit a mbeidh siad taobh le healaíontóirí tréitheacha ó sheánraí éagsúla agus a bhfuil ionchas ard ann maidir leis an obair chruthaitheach.
Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le conas iarratas a dhéanamh ar Dhámhachtain Liam O’Flynn, téigh chuig suíomh gréasáin na Comhairle Ealaíon.
←Fill ar ais go dtí an nuacht