Is gníomhaireacht rialtais í an Chomhairle Ealaíon atá freagrach as na
healaíona a fhorbairt in Éirinn. Oibrímid i gcomhpháirt le healaíontóirí, le
heagraíochtaí ealaíon, le lucht déanta beartas poiblí agus le daoine eile chun
áit lárnach a chruthú do na healaíona i saol na hÉireann.
Tá deis
spreagúil lánaimseartha againn faoi láthair, téarma seasta go dtí 31 Lúnasa
2024 ag grád Oifigeach Feidhmiúcháin d’Oifigeach Scoileanna Ildánacha. Beidh ról lárnach ag an Oifigeach Scoileanna Ildánacha
chun tacú le Foireann na Scoileanna Ildánacha a spriocanna agus a plean
tionscadail a bhaint amach. Is ról sealadach a bhaineann le cuspóir ar leith
é. Beidh an Cúntóir Scoileanna Ildánacha
ina bhall d’fhoireann Scoileanna Ildánacha, agus beidh sé ag tuairisciú don
Bhainisteoir Cláir, na Scoileanna Ildánacha agus oibreoidh sé go dlúth le
bainisteoirí eile, stiúrthóir cláir agus Ceannasaithe Tionscadail i Scoileanna
Ildánacha.
Is é an spriocdháta a ghlacfar
le hiarratais ná 12.00 meán lae
Déardaoin 18 Lúnasa 2022
Tá eolas breise le fáil sa dá
dhoiciméad thíos:
Próifíl an Róil
Leabhrán Faisnéise d’Iarrthóirí
Tá
an Chomhairle Ealaíon tiomanta do bheartas comhdheiseanna agus spreagaimid
iarratais ó gach cuid den phobal faoi na deich bhforas uile a leagtar amach
inár mBeartas um Chomhionannas, Cearta an Duine agus Éagsúlacht (chun tuilleadh
faisnéise a fháil, gabh chuig:
http://www.artscouncil.ie/ga/Maidir/Comhionannas,-Cearta-an-Duine-agus-eagsulacht/