Tá breis is 25 bliain taithí ag Pádraig in Imeachtaí Ealaíon agus Cultúir a chur chun cinn agus a bhainistiú, agus d’oibrigh sé i raon leathan seánraí i gcomhar le cuid de na healaíontóirí agus na compántais is mó ar domhan. Ina measc siúd, áirítear Ennio Morricone, Gradam Turner, Ceolfhoireann Mariinsky, an Amharclann Náisiúnta agus go leor eile. Bhí sé ina Bhainisteoir Imeachtaí le haghaidh chéad Chathair Chultúrtha na Ríochta Aontaithe a reáchtáladh i nDoire in 2013. Roimhe sin, rinne sé bainistíocht ar sheachadadh Happy Days, an chéad Fhéile Idirnáisiúnta ar Beckett ar domhan, a reáchtáladh in Inis Ceithleann in 2012 agus a bhain ard-mholadh amach.
Ba é a bhí freagrach ar feadh roinnt blianta as Seachadadh Clár agus Oibríochtaí ag Féile Bhéal Feirste Bhanc Uladh in Ollscoil na Banríona, agus bhí sé ina Stiúrthóir Gníomhach ar an bhféile ina dhiaidh sin.
Céimí de chuid Acadamh Ríoga Ceoil na hÉireann agus OÉ Gaillimh is ea é, agus tá Pádraig bunaithe i mBéal Feirste faoi láthair agus é ina stiúrthóir ar Lumiere Events ag a bhfuil gradam gnóthaithe. In earnálacha na bhféilte, an chraolacháin agus na n-imeachtaí beo is mó a bhíonn sé ag obair. Tá sé ina bhall d’Institiúid na Stiúrthóirí agus tá sé ar an mbord ag roinnt cuideachtaí agus eagraíochtaí carthanais thuaidh agus theas.