Is gníomhaireacht rialtais í an Chomhairle Ealaíon atá freagrach as na healaíona a fhorbairt in Éirinn. Oibrímid i gcomhpháirt le healaíontóirí, le heagraíochtaí ealaíon, le lucht déanta beartas poiblí agus le daoine eile chun áit lárnach a chruthú do na healaíona i saol na hÉireann.
Tá Bailiúchán na Comhairle Ealaíon, a bunaíodh mar thoradh ar an Acht Ealaíon, 1951, lárnach maidir le soláthar chuspóirí straitéiseacha na Comhairle faoi Shaothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh agus sna hamharc-ealaíona. Ag croí na hoibre seo, tá gealltanas beartais chun cur chun cinn an Bhailiúcháin a mhéadú agus d’fhonn níos mó deiseanna a chruthú do dhaoine fud fad na hÉireann le blaiseadh a fháil air.
Ceann an Bhailiúcháin i dtaca leis an mbeartas bailiúcháin a fhorbairt agus a fheidhmiú don Chomhairle, ag stiúradh gach gné de chúram agus bainistiú an bhailiúcháin lena chinntiú go gcomhlíonann gach córas agus nós imeachta caighdeáin cháilíochta an dea-chleachtais mhúsaeim.
Is é an spriocdháta a ghlacfar le hiarratais ná 12.00 meán lae Déardaoin 18 Lúnasa 2022
Tá eolas breise le fáil sa dá dhoiciméad thíos:
Tá an Chomhairle Ealaíon tiomanta do bheartas comhdheiseanna agus spreagaimid iarratais ó gach cuid den phobal faoi na deich bhforas uile a leagtar amach inár mBeartas um Chomhionannas, Cearta an Duine agus Éagsúlacht (chun tuilleadh faisnéise a fháil, gabh chuig: http://www.artscouncil.ie/ga/Maidir/Comhionannas,-Cearta-an-Duine-agus-eagsulacht/