Is gníomhaireacht rialtais í an Chomhairle Ealaíon atá freagrach as na healaíona a fhorbairt in Éirinn. Oibrímid i gcomhpháirt le healaíontóirí, le heagraíochtaí ealaíon, le lucht déanta beartas poiblí agus le daoine eile chun áit lárnach a chruthú do na healaíona i saol na hÉireann.
Tá conradh spreagúil lánaimseartha, buan againn faoi láthair ag Grád Oifigeach Feidhmiúcháin le haghaidh a Ceannasaí Ábhair.
Forbhreathnú ar an Roinn agus ar Ról
Stiúrann an Roinn Forbartha Straitéisí sa Chomhairle Ealaíon an eagraíocht maidir lenár straitéis chorparáideach, Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh, a fhorbairt, a chur i bhfeidhm agus a mheas, agus tá sí freagrach as athruithe agus cláir a bhainistiú san eagraíocht tríd an oifig bainistithe clár.
Is ról nua don Chomhairle Ealaíon é an Ceannasaí Ábhair agus tá sé aitheanta mar chuid dár gclár leanúnach um chlaochlú gnó chun ár bpróisis iarratais ar mhaoiniú a chuíchóiriú agus a shimpliú. Is am spreagúil é seo le bheith ag obair sa Chomhairle Ealaíon. Tháinig méadú faoi thrí ar líon na niarratas a phróiseálaimid in aghaidh na bliana le linn Covid, agus tháinig méadú faoi dhó beagnach ar ár maoiniú ón rialtas. Déanaimid bainistíocht anois ar 9,000 iarratas maoinithe in aghaidh na bliana ó ealaíontóirí agus eagraíochtaí ealaíon trínár suíomh Gréasáin seirbhísí ar líne.
Is é an aidhm atá againn leis an ról seo straitéis ábhair a chruthú don phróiseas iarratais ar mhaoiniú a fhaigheann tacaíocht ó rialú láidir ábhair ionas gur féidir linn tacú le hiarratasóirí iarratais ar ardchaighdeán a dhéanamh chuig an gComhairle Ealaíon.
Táimid ag lorg iarrthóir le smaointe atá in ann an ról a mhúnlú.
Is é an spriocdháta a ghlacfar le hiarratais ná 12 meán lae, Dé Céadaoin 12 Aibreán 2023.
Tá eolas breise le fáil sa dá dhoiciméad thíos
Tá an Chomhairle Ealaíon tiomanta do bheartas comhdheiseanna agus spreagaimid iarratais ó gach cuid den phobal faoi na deich bhforas uile a leagtar amach inár mBeartas um Chomhionannas, Cearta an Duine agus Éagsúlacht (chun tuilleadh faisnéise a fháil, gabh chuig: http://www.artscouncil.ie/ga/Maidir/Comhionannas,-Cearta-an-Duine-agus-eagsulacht/