Suim a dámhadh | €250,000 |
---|
Foirm ealaíne | Amharclannaíocht, Daoine óga páistí agus na healaíona, Rince |
---|
Cineál lucht éisteachta | Gach |
---|
Comhoibriú | Yes |
---|
Teagmhálaí | Elaine Connolly |
---|
Teileafón | 01 618 02 33 |
---|
ríomhphoist | elaine.connolly@artcouncil.ie |
---|
Tá an tionscnamh seo bunaithe ar na príomhspriocanna atá le fáil i straitéis na Comhairle Ealaíon, Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh, agus beartas amharclannaíochta reatha na Comhairle Ealaíon, a fhéachann le tacaíocht a thabhairt d’ealaíontóirí amharclannaíochta ag gach céim dá ngairmeacha beatha chun saothar den scoth a chruthú a théann i bhfeidhm go forleathan agus go domhain ar an bpobal. I bhfianaise na nithe seo, agus próiseas comhairliúcháin, tá tograí á lorg ag gComhairle Ealaíon ina gcomhoibrítear leis an mbonneagar reatha chun tacaíochtaí léiriúcháin breise faoi threoir na n-ealaíon a chur ar fáil don earnáil amharclannaíochta neamhspleách,
go háirithe iad siúd a fhaigheann Dámhachtainí Tionscadail agus Maoiniú Deontais do na hEalaíona de chuid na Comhairle Ealaíon.
Déanfar iarratais a mheas ó ealaíontóirí gairmiúla amharclannaíochta* atá in ann dea-theist sa léiriú amharclannaíochta a thaispeáint agus comhpháirtíochtaí saineolais le heagraíocht amháin ar a laghad a fhaigheann Maoiniú Straitéiseach, Comhpháirtíochta nó Ionad Ealaíon na Comhairle Ealaíon ag a bhfuil dea-theist shuntasach i léiriú agus i dtaibhiú amharclannaíochta do lucht féachana e.g. cuideachtaí léiriúcháin, féilte,
ionaid ealaíon.
*Chun críche na scéime seo, déantar ealaíontóir gairmiúil amharclannaíochta a shainmhíniú mar aon duine aonair atá ag saothrú mar ealaíontóir gairmiúil i gcáil chruthaitheach i gcomhthéacs na hamharclannaíochta, agus atá aitheanta sa cháil sin ag a p(h)iaraí – e.g. stiúrthóir, déantóir amharclannaíochta, aisteoir, drámadóir, dearthóir, léiritheoir cruthaitheach nó aonán léiriúcháin nach bhfaigheann Maoiniú Straitéiseach.
Cuspóir na dámhachtana
Is é cuspóir an tionscnaimh tacaíochtaí seirbhísí léiriúcháin d’ardchaighdeán faoi threoir na n-ealaíon a chur ar fáil don earnáil amharclannaíochta neamhspleách, ar bhonn phíolótach ar feadh dhá bhliain, agus an leas is fearr a bhaint as na hacmhainní agus na líonraí atá ann cheana féin i bhforbairt, léiriú agus camchuairt na hamharclannaíochta.
Conas a chuirim isteach chuige seo?
- Íoslódáil agus léigh na nótaí treoirlínte ar fáil ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Déan seiceáil má tá aon ábhar éigeantach nach mór dul le d`iarratas. D`fhéadfaimís teimpléad a chur ar fáil don ábhar taca. Más ea, is féidir leat í a íoslódáil ón rannóg ábhar taca ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Ní mór do na hiarratais go léir a dhéanamh trí shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne. Beidh tú in ann raon leathan
d`ábhair thaca a uaslódáil i bhfoirm leitreonach in éineacht le d`fhoirm iarratais.
- Ní mór duit bheith cláraithe leis na seirbhísí ar líne ar an suíomh gréasáin chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil tú cláraithe, molaimid duit clárú do sheirbhísí ar líne roimh an spriocdháta a luaithe agus is féidir, os rud é go bhféadfadh cúig lá bheith i gceist chun chlárú do sheirbhísí ar líne a phróiseálú.
Fós gá le cabhair?
Liostáil do cheisteanna coitianta faoi iarratas a dhéanamh ar líne
Treoir céim ar chéim maidir le conas foirm iarratais do mhaoiniú a íoslódáil, a chomhlíonadh agus uaslódáil.
Liostáil tvíteanna a bhaineann le maoiniú