Spriocdháta | 17:30, Déardaoin 13 Aibreán 2023 |
---|
Suim a dámhadh | €25,000 |
---|
Foirm ealaíne | Ailtireacht, Amharclannaíocht, Ceol, Ceoldráma, Daoine óga páistí agus na healaíona, Litríocht, Na físealaíona, Na healaíona agus míchumas, Na healaíona rannpháirteachais, Na healaíona traidisiúnta, Rince, Scannán, Sorcas, Sráidealaín |
---|
Cineál lucht éisteachta | Ealaíontóir aonair |
---|
Comhoibriú | Yes |
---|
Teileafón | 01 6180 200/01 6180243 |
---|
ríomhphoist | awards@artscouncil.ie |
---|
Is é cuspóir na Dámhachtana d’Ealaíontóirí na Chéad Ghlúine Eile tacaíocht a thabhairt do scata ealaíontóirí tréitheacha san uile dhisciplín ag pointe luath ach ríthábhachtach ina ngairm.
Tabharfar cuireadh d'fhaighteoirí rathúla páirt a ghlacadh in EALAÍN:2023.
EALAÍN:2023 Clár comhpháirtíochta idir an Chomhairle Ealaíon agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán is ea EALAÍN:2023. Tá sé ina chuid den chéim dheiridh de Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán, 2012-23.
Gheobhaidh na daoine ar a mbronnfar Dámhachtain d’Ealaíontóirí na Chéad Ghlúine Eile €25,000.
Tá an Dámhachtain d’Ealaíontóirí na Chéad Ghlúine Eile ar fáil do na cineálacha ealaíne seo a leanas:
- Ailtireacht
- Rannpháirtíocht sna hEalaíona
- Sorcas
- Damhsa
- Scannán
- Litríocht (Béarla & Gaeilge)
- Ceol
- Ceoldrámaíocht
- Na hEalaíona Sráide
- Seónna
- Amharclannaíocht
- Na hEalaíona Traidisiúnta
- Na hAmharc-ealaíona
- Daoine Óga, Leanaí agus Oideachas
Tacaíochtaí
Rochtana
Má
tá tú faoi mhíchumas agus ba mhaith leat iarratas a dhéanamh, déan teagmháil le
hOifigeach Rochtana na Comhairle Ealaíon le do thoil, ar an nguthán (01 618
0200/01 618 0243) nó trí ríomhphost (access@artscouncil.ie) chomh luath agus is
féidir roimh an spriocdháta.
Is
féidir leat iarratas a dhéanamh ar chostais bhreise le riachtanais
rochtana a d’fhéadfadh a bheith agat mar chuid de d’iarratas a chlúdach.
Tabhair
faoi deara
Ní
ghlacfar le hiarratais ach amháin trí shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne de chuid na Comhairle
Ealaíon. Ní mór d’iarratasóirí nár bhain úsáid as an gcóras roimhe seo clárú roimh ré sula ndéanfaidh siad
iarratas. D’fhéadfadh suas le cúig lá oibre a bheith i gceist chun
bhur gclárúcháin a dhearbhú agus mar sin, tá sé an-tábhachtach go gcláródh sibh
a luaithe agus is féidir.
Conas a chuirim isteach chuige seo?
- Íoslódáil agus léigh na nótaí treoirlínte ar fáil ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Déan seiceáil má tá aon ábhar éigeantach nach mór dul le d`iarratas. D`fhéadfaimís teimpléad a chur ar fáil don ábhar taca. Más ea, is féidir leat í a íoslódáil ón rannóg ábhar taca ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Ní mór do na hiarratais go léir a dhéanamh trí shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne. Beidh tú in ann raon leathan
d`ábhair thaca a uaslódáil i bhfoirm leitreonach in éineacht le d`fhoirm iarratais.
- Ní mór duit bheith cláraithe leis na seirbhísí ar líne ar an suíomh gréasáin chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil tú cláraithe, molaimid duit clárú do sheirbhísí ar líne roimh an spriocdháta a luaithe agus is féidir, os rud é go bhféadfadh cúig lá bheith i gceist chun chlárú do sheirbhísí ar líne a phróiseálú.
Fós gá le cabhair?
Liostáil do cheisteanna coitianta faoi iarratas a dhéanamh ar líne
Treoir céim ar chéim maidir le conas foirm iarratais do mhaoiniú a íoslódáil, a chomhlíonadh agus uaslódáil.
Liostáil tvíteanna a bhaineann le maoiniú