Spriocdháta | 17:30, Déardaoin 25 Aibreán 2024 |
---|
Suim a dámhadh | €5,000 |
---|
Foirm ealaíne | Ailtireacht, Amharclannaíocht, Ceol, Ceoldráma, Daoine óga páistí agus na healaíona, Féilte, Litríocht, Na físealaíona, Na healaíona rannpháirteachais, Na healaíona traidisiúnta, Rince, Scannán, Sorcas, Spectacle, Taibhiú sráide |
---|
Cineál lucht éisteachta | Ealaíontóir aonair |
---|
Teileafón | 01 618 0200/01 618 0243 |
---|
ríomhphoist | agilityaward@artscouncil.ie |
---|
Cuspóir na dámachtana
Is scéim mhaoinithe de chuid na Comhairle Ealaíon í an Dámhachtain Lúfaireachta le haghaidh ealaíontóirí gairmiúla, saorealaíontóirí agus cleachtóirí aonair sna healaíona.
Is féidir leat iarratas a chur isteach ar an Dámhachtain Lúfaireachta más mian leat:
- Do chleachtas a fhorbairt
- Do shaothar a fhorbairt
- Do scileanna a fhorbairt
Clinicí
Eolais
Beidh
clinicí eolais ar líne á reáchtáil ag an gComhairle Ealaíon trí Zoom maidir
leis an Dámhachtain Lúfaireachta ar na dátaí seo a leanas:
Is
iad na príomhphointí a chlúdófar sna clinicí eolais ná:
- Athruithe ar Threoirlínte na Dámhachtana
Lúfaireachta do 2024
- An próiseas iarratais
- An próiseas scórála
- Seisiún Ceisteanna agus Freagraí
Cliceáil
do rogha dáta thuas agus cuir do shonraí leis an gclár. Tar éis duit clárú,
gheobhaidh tú ríomhphost deimhnithe le heolas maidir le conas dul isteach sa
seimineár gréasáin.
Taifead
den chlinic eolais roimhe seo:
Tacaíochtaí
Rochtana
Má tá tú faoi mhíchumas agus dá mba mhaith leat cúnamh chun iarratas a dhéanamh, déan teagmháil lenár nOifigeach Rochtana a luaithe agus is féidir roimh an spriocdháta.
Guthán:
Ríomhphost: access@artscouncil.ie
Beidh tú in ann iarratas a dhéanamh ar chostais bhreise má tá riachtanais rochtana agat a bhaineann le d’iarratas.
Tabhair
faoi deara: ní ghlacfar le hiarratais ach amháin trí Shuíomh
Gréasáin na Seirbhísí ar Líne de chuid na Comhairle Ealaíon. Murar úsáid tú Seirbhísí ar Líne cheana ní mór duit clárú le haghaidh logáil isteach le bheith in ann iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú. Tá sé tábhachtach go ndéanfaidh tú iarratas a luaithe
agus is féidir go bharr go bhféadfadh sé suas le cúig lá oibre a thógáil sula bpróiseálfar do chlárúchán.
Conas a chuirim isteach chuige seo?
- Íoslódáil agus léigh na treoirlínte atá ar fáil ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Déan seiceáil má tá aon ábhar tacaíochta éigeantach nach mór dul le d’iarratas. D’fhéadfaimis teimpléad a chur ar fáil don ábhar tacaíochta. Más ea, is féidir leat é a íoslódáil ón rannóg ábhar tacaíochta ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Ní mór do na hiarratais go léir a dhéanamh trí shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne. Beidh tú in ann raon leathan d’ábhair thacaíochta a uaslódáil i bhfoirm leictreonach in éineacht le d’fhoirm iarratais.
- Ní mór duit bheith cláraithe leis na seirbhísí ar líne ar an suíomh gréasáin chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil tú cláraithe cheana féin, molaimid duit clárú do sheirbhísí ar líne chomh luath roimh an spriocdháta agus is féidir, os rud é go bhféadfadh cúig lá a bheith i gceist chun do chlárú ar seirbhísí ar líne a phróiseáil.
Cabhair fós uait?
Liosta de cheisteanna coitianta faoi iarratas a dhéanamh ar líne.
Treoir céim ar chéim maidir le conas foirm iarratais do mhaoiniú a íoslódáil, a chomhlíonadh agus uaslódáil.
Liostáil tvíteanna a bhaineann le maoiniú