Spriocdháta | 17:30, Déardaoin 08 Nollaig 2022 |
---|
Suim a dámhadh | Gan teorainn |
---|
Foirm ealaíne | International Arts |
---|
Cineál lucht éisteachta | Eagraíocht |
---|
Teagmhálaí | Evelyn O'Keeffe |
---|
Teileafón | 087 2458361 |
---|
ríomhphoist | evelyn.okeeffe@artscouncil.ie |
---|
Post | Oifigeach Ealaíon Idirnáisiúnta |
---|
Is é príomh-chuspóir na dámhachtana a chur ar chumas eagraíochtaí in Éirinn a bhain maoiniú amach i gcomhair gníomhaíochtaí ealaíonta faoi shnáitheanna na dTionscadal Comhoibrithe agus na nArdán Eorpach de chuid Chlár na hEorpa Cruthaithí 2021-2027, iarratas a dhéanamh ar chómhaoiniú.
Breithneofar maoiniú chun tacú leis na gnéithe sin de ghníomhaíochtaí ealaíon in Éirinn atá i gcomhréir le cuspóirí agus tosaíochtaí na dámhachtana seo.
Níl an dámhachtain seo oscailte ach amháin d’eagraíochtaí ealaíon in Éirinn a fuair tairiscint ar mhaoiniú, mar Chomhordaitheoir Ceannaireachta nó mar Chomhpháirtí, ó Thacaíocht d’Ardáin de chuid na hEorpa Cruthaithí in 2021 agus do Thionscadail Chomhoibrithe in 2021 agus 2022.
Tá cuspóirí agus tosaíochtaí na dámhachtana seo i gcomhréir le straitéis na Comhairle Ealaíon,Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh 2016–2025 agus is éard atá iontu:
- Tionscadail a thugann aitheantas don luach a bhaineann le caidrimh agus le cleachtas idirnáisiúnta don eagraíocht agus d’ealaíontóirí ar leithligh
- Tionscadail a léiríonn cur chun cinn agus forbairt dea-chleachtais sa réimse maidir le forbairt lucht féachana/éisteachta, chomh maith le rannpháirtíocht an phobail a fheabhsú agus a fhás;
- Tionscadail a chuidíonn lena chinntiú go mbíonn earnáil na n-ealaíon oilte, acmhainneach agus tiomanta dá hathnuachan féin.
Ní bheidh iarratais ó eagraíochtaí nach eagraíochtaí ealaíon iad incháilithe ach amháin sa chás gur sainaithníodh eagraíochtaí ealaíon in Éirinn mar rannpháirtí sa tionscadal agus sa chás go n-úsáidfear tacaíocht ón gComhairle Ealaíon chun leasa ghníomhaíochtaí ealaíon Éireannaí de chuid na heagraíochta ealaíne. Ní mór iarratais ar an Dámhachtain Chómhaoinithe a dhéanamh do Thionscadail Chomhoibrithe nó d’Ardáin Eorpacha sa bhliain féilire chéanna a bhfaightear tairiscint ar mhaoiniú ón EACEA.
Conas a chuirim isteach chuige seo?
- Íoslódáil agus léigh na nótaí treoirlínte ar fáil ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Déan seiceáil má tá aon ábhar éigeantach nach mór dul le d`iarratas. D`fhéadfaimís teimpléad a chur ar fáil don ábhar taca. Más ea, is féidir leat í a íoslódáil ón rannóg ábhar taca ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Ní mór do na hiarratais go léir a dhéanamh trí shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne. Beidh tú in ann raon leathan
d`ábhair thaca a uaslódáil i bhfoirm leitreonach in éineacht le d`fhoirm iarratais.
- Ní mór duit bheith cláraithe leis na seirbhísí ar líne ar an suíomh gréasáin chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil tú cláraithe, molaimid duit clárú do sheirbhísí ar líne roimh an spriocdháta a luaithe agus is féidir, os rud é go bhféadfadh cúig lá bheith i gceist chun chlárú do sheirbhísí ar líne a phróiseálú.
Fós gá le cabhair?
Liostáil do cheisteanna coitianta faoi iarratas a dhéanamh ar líne
Treoir céim ar chéim maidir le conas foirm iarratais do mhaoiniú a íoslódáil, a chomhlíonadh agus uaslódáil.
Liostáil tvíteanna a bhaineann le maoiniú