Spriocdháta | 17:30, Déardaoin 02 Feabhra 2023 |
---|
Suim a dámhadh | Gan teorainn |
---|
Foirm ealaíne | Ailtireacht, Amharclannaíocht, Camchuairte, Ceol, Ceoldráma, Daoine óga páistí agus na healaíona, Ionaid tionóil, Litríocht, Na físealaíona, Na healaíona rannpháirteachais, Na healaíona traidisiúnta, Rince, Scannán, Sorcas, Spectacle, Sráidealaín |
---|
Cineál lucht éisteachta | Gach |
---|
Comhoibriú | Yes |
---|
Teagmhálaí | Suzanne Ring |
---|
Teileafón | (0)87 7506956 / 01 6180200 |
---|
ríomhphoist | suzanne.ring@artscouncil.ie |
---|
Cuirtear
fáilte roimh iarratais ar thograí a bhfuil sé mar aidhm acu maoiniú a fháil
chun tacú le camchuairt saothair ar fud na réimsí foirm ealaíne agus cleachtais
ealaíne le haghaidh camchuairteanna a bheidh ar siúl i bPoblacht na hÉireann
agus a thosóidh in 2024.
Cuirfear
tús leis an tréimhse inar féidir iarratais a chur isteach ar an 20 Nollaig
2022, agus is é an 02 Feabhra, 2023, ag 5.30pm an spriocdháta.
Tá
athbhreithniú á dhéanamh ag an gComhairle Ealaíon faoi láthair ar an mbealach a
maoinímid camchuairteanna agus tá sé i gceist paraiméadair na dámhachtana seo a
athrú. Measaimid an t-athrú a bheith mar chuid lárnach dár ról mar an
ghníomhaireacht forbartha do na healaíona in Éirinn. Bíonn na sonraí a
chuireann an earnáil ar fáil mar bhonn eolais ag athruithe ar ár
gcinnteoireacht agus ár gceapadh beartas.
Cad atá
athraithe don bhabhta seo?
- Tá
cuspóirí agus tosaíochtaí na dámhachtana seo ailínithe níos dlúithe againn le
straitéis na Comhairle Ealaíon, Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh.
- Rinneamar
caighdeánú ar an ábhar tacaíochta éigeantach a theastaíonn ó gach iarratasóir –
tá roinnt eisceachtaí ann, mar sin, léigh an treoir seo go cúramach.
- Chuireamar réimse foirme ealaíne iarratais
nua leis (YPCE/AP/MDA). Iarratasóirí a chuireann béim ar leith ar
rannpháirtíocht sna healaíona nó ar Dhaoine Óga, Leanaí agus Oideachas, ba
cheart do na hiarratasóirí sin an rogha sin a roghnú mar a bpríomhréimse
foirme ealaíne.
- Tá ár bpróisis mheasúnaithe agus
chinnteoireachta ailínithe againn chun cloí le nós imeachta piarphainéil
na Comhairle Ealaíon.
Féach an Scéim
Camchuairte Saothair 2024 – Treoirlínte Réamhphleanála d’Iarratasóirí le
haghaidh sonraí faoin scéim lena n-áirítear tosaíochtaí, agus beidh fáil ar na
treoirlínte sin ar an leathanach seo ó lár mhí na Nollag 2022.
Reáchtálfaimid
clinic eolais ar líne i lár mhí Eanáir 2023 maidir leis an Scéim Camchuairte
Saothair 2024 - Réamhphleanáil.
Foilseofar tuilleadh sonraí i nuachtlitir Eanáir 2023 againn agus ar ár
gcuntais meán sóisialta.
Má tá aon
cheisteanna agat maidir leis an scéim seo, déan teagmháil le suzanne.ring@artscouncil.ie.
Má tá aon
cheisteanna agat a bhaineann go sonrach le foirmeacha ealaíne nó le cleachtais
ealaíon, cuir ríomhphost chuig an bhfoireann ábhartha le do thoil. Tá na sonraí
teagmhála ar fad ar leathanach
Teagmhálacha shuíomh gréasáin na Comhairle Ealaíon.
Cáipéisí le
huaslódáil chuig an leathanach gréasáin: (go luath i mí na Nollag / i lár mhí
na Nollag nuair a dhéanfar iad a thástáil)
Conas a chuirim isteach chuige seo?
- Íoslódáil agus léigh na nótaí treoirlínte ar fáil ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Déan seiceáil má tá aon ábhar éigeantach nach mór dul le d`iarratas. D`fhéadfaimís teimpléad a chur ar fáil don ábhar taca. Más ea, is féidir leat í a íoslódáil ón rannóg ábhar taca ag an gcoirnéal barr ar dheis an leathanaigh seo.
- Ní mór do na hiarratais go léir a dhéanamh trí shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne. Beidh tú in ann raon leathan
d`ábhair thaca a uaslódáil i bhfoirm leitreonach in éineacht le d`fhoirm iarratais.
- Ní mór duit bheith cláraithe leis na seirbhísí ar líne ar an suíomh gréasáin chun iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil tú cláraithe, molaimid duit clárú do sheirbhísí ar líne roimh an spriocdháta a luaithe agus is féidir, os rud é go bhféadfadh cúig lá bheith i gceist chun chlárú do sheirbhísí ar líne a phróiseálú.
Fós gá le cabhair?
Liostáil do cheisteanna coitianta faoi iarratas a dhéanamh ar líne
Treoir céim ar chéim maidir le conas foirm iarratais do mhaoiniú a íoslódáil, a chomhlíonadh agus uaslódáil.
Liostáil tvíteanna a bhaineann le maoiniú