Closing Date for Applications: 5:30pm on 29 October 2020
The Arts Council and the Department of Music in the College of Arts, Celtic Studies, and Social Sciences at University College Cork invite applications for Traditional Artist in Residence for the calendar year 2021.
The Arts Council Traditional
Artist in Residence was established to provide a stimulating environment for the resident artist and afford a degree of financial support to concentrate on their own practice. Additionally, the residency brings energy and dynamism to the university,
and allows students and faculty to engage with a practicing traditional musician, singer or dancer for a concentrated period.
About the residency
The Traditional Artist in Residence will be engaged for the calendar year
2021 and will be situated in the Department of Music in University College Cork, with the opportunity to engage with the wider campus.
The residency will be divided into two parts:
From January to June 2021, the Traditional Artist in Residence will be supported to engage with students and staff. This programme of engagement will be designed by the resident artist, in consultation with the faculty of the university, and could
include focused teaching, workshops, mentoring, public events or other activities which bring new energy to the traditional music programme. Contact time with staff and students during this time will be capped at 4 hours per week, and the resident
artist will not be expected to deliver core curriculum.
From July onwards, the Traditional Artist in Residence will be supported to concentrate his or her own practice.
The fee to the Traditional Artist in Residence is €20,000, to be paid to the artist directly by the Arts Council. It will be paid in two instalments, with a final report by the artist at the conclusion of the residency. The Traditional Artist in Residence
will be provided with a dedicated space, where they can conduct their own creative practice, within the university.
Making an Application
To make an application, artists should provide:
A detailed proposal, which sets out how they would propose to engage with students, staff and the wider campus, and relevant experience to support this approach
A one page artist’s statement, which describes how the residency could impact on the artist’s practice
A detailed CV, setting out artistic achievements and accomplishments
Applications should be sent to triona.nishiochain@ucc.ie with cc to music@ucc.ie by 5.30pm on Thursday, 29 October 2020. Applications will be
accepted by email only. Applications received after the closing date will not be accepted.
Assessment Process
Upon receipt of applications, the Arts Council and University College Cork will establish a selection committee, which will be made up of two representatives from University College Cork, one from the Arts Council
and an external panellist with traditional arts expertise. The selection committee will shortlist applicants based on the following criteria:
artistic track record of applicant
quality of idea/approach (referred to above), as outlined in the application
potential impact of residency on the artists own creative practice
A shortlist will be established (of no more than 6 artists). Shortlisted artists will be called to interview in mid-November. The interview is likely to be held via video conference call, in line with public health guidelines. The interview will allow
the shortlisted artists to discuss their plans and experience in more detail. The panel will make the final decision based on the above criteria and decisions will be communicated by the end of November.
Ealaíontóir Traidisiúnta Cónaithe
Spriocdháta d’Iarratais: 5:30pm, 29 Deireadh Fómhair 2020
Cuireann an Chomhairle Ealaíon agus Roinn an Cheoil i gColáiste na nEalaíon, an Léinn Cheiltigh agus na nEolaíochtaí Sóisialta i Coláiste na hOllscoile Corcaigh fáilte roimh iarratais le haghaidh Ealaíontóir Traidisiúnta Cónaithe don bhliain féilire 2021.
Bunaíodh Ealaíontóir Traidisiúnta Cónaithe na Comhairle Ealaíon chun timpeallacht spreagthach a chur ar fáil don ealaíontóir cónaithe, agus chun roinnt tacaíocht airgeadais a sholáthar le díriú ar chleachtas an ealaíontóra féin. Anuas air
sin, cuireann an chónaitheacht fuinneamh agus spleodar leis an ollscoil, agus tugtar deis do na mic léinn teagmháil a dhéanamh le ceoltóir, amhránaí nó rinceoir traidisiúnta atá i mbun na ceirde ar feadh dlúth-thréimhse.
Eolas faoin gcónaitheacht
Fostófar
an tEalaíontóir Traidisiúnta Cónaithe don bhliain féilire 2021 agus beidh sé lonnaithe i Roinn an Cheoil i gColáiste na hOllscoile Corcaigh, agus beidh deis aige dul i ngleic le pobal an champais níos leithne.
Roinnfear an chónaitheacht ina
dhá cuid:
Ó mhí Eanáir go mí an Mheithimh 2021, tacófar leis an Ealaíontóir Traidisiúnta Cónaithe chun dul i ngleic le mic léinn agus leis an bhfoireann ollscoile. Déanfaidh an t-ealaíontóir cónaitheach an clár rannpháirtíochta seo a dhearadh, i gcomhar le
foireann na hollscoile, agus d’fhéadfadh go mbeadh teagasc dírithe, ceardlanna, meantóireacht, imeachtaí poiblí nó gníomhaíochtaí eile a chuireann fuinneamh nua leis an gclár ceoil thraidisiúnta mar chuid den chlár sin. Is é ceithre uair an chloig
in aghaidh na seachtaine an t-uasmhéid ama teagmhála a bheidh ag an ealaíontóir cónaithe leis an bhfoireann agus le mic léinn le linn an ama sin, agus ní bheidh ar an scríbhneoir curaclam príomhúil a sheachadadh.
Ó mhí Iúil ar aghaidh, tacófar leis an Ealaíontóir Traidisiúnta Cónaithe chun díriú ar a chleachtas féin.
Is é €20,000 an táille don Ealaíontóir Traidisiúnta Cónaithe, agus íocfaidh an Chomhairle Ealaíon an t-ealaíontóir go díreach. Íocfar an táille ina dhá tráthchuid, agus scríobhfaidh an t-ealaíontóir tuairisc dheiridh ag deireadh na cónaitheachta. Cuirfear
spás sonrach ar fáil don Ealaíontóir Traidisiúnta Cónaithe áit a mbeidh sé in ann tabhairt faoina chleachtas cruthaitheach féin ar champas na hollscoile.
Conas Iarratas a Dhéanamh
To Ní mór d’ealaíontóirí an méid seo a leanas a chur ar fáil chun iarratas a dhéanamh:
Togra mionsonraithe ina leagtar amach conas a rachfaí i ngleic le mic léinn, leis an bhfoireann agus le pobal an champais níos leithne, mar aon le taithí ábhartha a thacaíonn leis an gcur chuige sin
Ráiteas an ealaíontóra, ar aon leathanach amháin, ina ndéantar cur síos ar an tionchar a bheadh ag an gcónaitheacht ar chleachtas an ealaíontóra
CV mionsonraithe, ina leagtar amach éachtaí agus gaiscí ealaíonta
Ba cheart iarratais a sheoladh chuig triona.nishiochain@ucc.ie le cc chuig music@ucc.ie faoi 5.30 p.m., Déardaoin, 29 Deireadh Fómhair 2020.
Ní ghlacfar ach le hiarratais i ríomhphost amháin. Ní ghlacfar le hiarratais a gheofar tar éis an spriocdháta sin.
An Próiseas Measúnaithe
Bunóidh an Chomhairle Ealaíon agus Coláiste na hOllscoile Corcaigh coiste roghnúcháin nuair a fhaightear na hiarratas, agus beidh beirt ionadaithe ó Choláiste na hOllscoile Corcaigh, duine amháin ón gComhairle
Ealaíon agus comhalta painéil seachtrach ag a bhfuil saineolas ar na healaíona traidisiúnta ar an bpainéal sin. Cuirfidh an coiste roghnúcháin gearrliosta d’iarrthóirí le chéile bunaithe ar na critéir seo a leanas:
cuntas teiste ealaíonta an iarratasóra
caighdeán an smaoinimh/chur chuige (tagraítear don mhéid sin thuas), mar atá le sonrú san iarratas
an tionchar féideartha a d’fhéadfadh a bheith ag an gcónaitheacht ar chleachtas cruthaitheachta an ealaíontóra
Bunófar gearrliosta (ní bheidh níos mó ná seisear ealaíontóirí ar an ngearrliosta). Iarrfar ar ealaíontóirí a chuirtear ar an ngearrliosta dul faoi agallamh i lár mhí na Samhna. Is dócha go reáchtálfar an t-agallamh trí ghlaoch físchomhdhála, i gcomhréir
leis na treoirlínte sláinte poiblí. Tabharfar deis do na healaíontóirí atá ar an ngearrliosta a bpleananna agus a dtaithí a phlé go mionsonraithe san agallamh. Déanfaidh an painéal an cinneadh deiridh bunaithe ar na critéir thuasluaite agus cuirfear
cinntí in iúl do na hiarratasóirí faoi dheireadh mhí na Samhna.
←Return to the news