Tá naoi n-úrscéal scríofa ag Louise Doughty: tá leabhar amháin neamhfhicsin agus cúig dhráma don raidió scríofa aici freisin. Bhí an seachtú húrscéal dá cuid ina leabhar sárdhíola Apple Tree Yard, leabhara dhíol breis agus leathmhilliún
cóip sa Ríocht Aontaithe agus aistríodh é i dtríocha críoch ar fud an domhain. Craoladh cóiriú teilifíse, ina raibh ceithre chuid agus ina raibh Emily Watson ag aisteoireacht, ar BBC One in 2017. Cuireadh a séú húrscéal, Whatever You Love,
ar ghearrliosta Ghradam Úrscéil ‘Costa’, agus cuireadh é ar an bhfadliosta don Orange Prize i gcomhair ficsin agus ainmníodh a hochtú húrscéal, Black Water, mar cheann de na 100 leabhar is suntasaí in 2016 de réir New York Times Book Review. Tá
gradaim buaite aici do dhrámaí raidió agus do ghearrscéalta. Is criticeoir agus tráchtaire cultúrtha í do nuachtáin sa Ríocht Aontaithe agus do nuachtáin idirnáisiúnta. Bíonn sí ag craoladh go rialta do BBC agus bhí sí ina moltóir do go leor
duaiseanna agus gradam, lena n-áirítear duais Man Booker agus Gradam Úrscéil ‘Costa’. Tá sí ina Comhalta de Royal Society of Literature, agus is comhalta de chuid Folio Academy í. In 2019, bhronn Ollscoil East Anglia
Dochtúireacht Oinigh uirthi. Tá cónaí uirthi i Londain.