Bronnfaidh an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn bonn Laureate na nÓg ar an údar, Áine Ní Ghlinn, a scríobhann i nGaeilge, ag searmanas in Áras an Uachtaráin. Fógraíodh gurb í Áine Ní Ghlinn Laureate na nÓg (Laureate Litríochta Leanaí na hÉireann) i mí na Bealtaine. Is í an séú Laureate agus an chéad údar a scríobhann go heisiach i nGaeilge a bhfuil an onóir á bronnadh uirthi. Beidh an teideal sin aici go dtí 2023.
Sna blianta roimhe seo, d’fhógair an tUachtarán Laureate na nÓg ag searmanas speisialta in oifigí na Comhairle Ealaíon. Léirítear leis an bpost sin ríthábhacht na litríochta do leanaí i saol cultúrtha na tíre seo. Ar ndóigh, ní rabhthas in ann searmanas dá leithéid a reáchtáil i mí na Bealtaine i mbliana, ach leis an gcruinniú inniu, cothaítear an gaol tábhachtach idir an tUachtarán agus Laureate na nÓg.
Tionscnamh de chuid na Comhairle Ealaíon is ea Laureate na nÓg. Ach onóir a thabhairt d’ealaíontóir a bhfuil bua na ceirde aige/aici mar aon le tiomantas iontach, déanann sé litríocht do leanaí agus do dhaoine óga a chur chun cinn agus a cheiliúradh. Fágann sin gur spreagadh mór atá sa Laureate do scríbhneoirí, do mhaisitheoirí agus do léitheoirí óga. Tá an tionscadal Laureate á riar ag Leabhair Pháistí Éireann, agus tá tacaíocht aige ó Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann, ón Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige agus ó Éigse Éireann.
Is scríbhneoir do leanaí agus file í Áine Ní Ghlinn. Tá os cionn deich gcinn fichead de leabhair scríofa aici, ina measc bailiúcháin filíochta agus sraith leabhar agus úrscéalta do leanaí agus do dhéagóirí. Beidh sí ag iarraidh, fad is a bheidh sí ina Laureate, an fhallaing fholaigh sin a thógáil ó údair a scríobhann i nGaeilge agus ó leabhair Ghaeilge, agus leanaí agus daoine óga a spreagadh a bheith ag léamh as Gaeilge i gcomhair pléisiúir.
Dúirt an tOll. Kevin Rafter, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon:
“Tá an Chomhairle Ealaíon fíorbhuíoch den Uachtarán Ó hUigínn as a thiomantas buan do na healaíona, agus as a thacaíocht leanúnach do dhámhachtain Laureate na nÓg go háirithe. Is scríbhneoir úrscéalta agus filíochta a bhfuil gean ag leanaí agus daoine óga orthu í Áine Ní Ghlinn. Tabharfaidh sí cruthaitheacht agus ceannaireacht as cuimse dá ról mar Laureate.”
Dúirt Áine Ní Ghlinn, Laureate na nÓg:
“Is iontach an onóir dom a bheith ceaptha mar Laureate na nÓg agus tá mé fíorbhuíoch den Chomhairle Ealaíon agus de Leabhair Pháistí Éireann as a gcuid tacaíochta ar fad. Bhí dúshlán ar leith ag baint leis an ról de bharr Covid-19 agus cé gur bhain mé taitneamh as an dúshlán agus as cuar foghlama na hoibre ar líne, tá mé ag súil le cuspóirí an Laureate a chomhlíonadh nuair a osclófar rudaí suas sa tír arís.”
As Contae Thiobraid Árann ó dhúchas d’Áine. D’oibrigh sí ar feadh roinnt blianta in RTÉ agus i Raidió na Gaeltachta, agus caitheann sí a cuid ama idir a bheith ag scríobh, ceardlanna i scríbhneoireacht chruthaitheach a chur ar fáil i scoileanna ar fud na tíre agus ag tabhairt léachtaí in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath go páirtaimseartha. Bhain a cuid leabhair Gradam Leabhar na Bliana Gradam Reics Carló amach trí huaire, an uair dheiridh in 2019 de bharr a húrscéil, Boscadán. In 2015, bhain a húrscéal d’aosaigh óga Daideo an Gradam Onórach Ficsin ag Gradaim Leabhar na Bliana Leabhair Pháistí Éireann, chomh maith le Leabhar na Bliana Chumann Litearthachta na hÉireann.
←Fill ar ais go dtí an nuacht