Is gníomhaireacht rialtais
í an Chomhairle Ealaíon atá freagrach as na healaíona a fhorbairt in Éirinn.
Oibrímid i gcomhpháirt le healaíontóirí, le heagraíochtaí ealaíon, le lucht
déanta beartas poiblí agus le daoine eile chun áit lárnach a chruthú do na
healaíona i saol na hÉireann.
Tá
sé de mhian ag an gComhairle Ealaíon ceannaire claochlaithe gnó,
teicneolaíochta agus feabhsaithe próiseas a cheapadh le teacht isteach ina
Foireann Cheannaireachta mar Stiúrthóir, Teicneolaíocht Faisnéise. Beidh ról
tábhachtach ag an té a cheapfar maidir le Comhairle Ealaíon fheabhsaithe agus
leasaithe a mhúnlú agus a sheachadadh atá ar aon dul le hollchuspóirí
straitéiseacha na heagraíochta.
-
Is é an spriocdháta a
ghlacfar le hiarratais ná Dé Céadaoin
24ú Eanáir 2024 – 5pm
- Tá an comórtas seo á bhainistiú ag CPL. Tá gach ceist
le cur chuig Deborah Crilly ag artscouncil@cpl.ie
Tá eolas breise le fáil sa
dá dhoiciméad thíos:
Tá an Chomhairle Ealaíon tiomanta do
bheartas comhdheiseanna agus spreagaimid iarratais ó gach cuid den phobal faoi
na deich bhforas uile a leagtar amach inár mBeartas um Comhionannas, Cearta an
Duine agus Éagsúlacht (chun tuilleadh faisnéise a fháil, gabh chuig: Comhionannas,
Éagsúlacht agus Ionchuimsitheacht | The Arts Council | An Chomhairle Ealaíon).